Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
coiste-oireachtais-mishasta-faoi-‘dhiultu’-aire-na-gaeltachta-teacht-os-a-gcomhair

Coiste Oireachtais míshásta faoi ‘dhiúltú’ Aire na Gaeltachta teacht os a gcomhair

| Tuairisc.ie | ,

Deir Coiste Oireachtais na Gaeilge go ndearna siad teagmháil 11 uair le Catherine Martin chun cuirí a thabhairt di teacht os a gcomhair ach nár ghlac sí ach le cuireadh amháin le breis is dhá bhliain anuas

Coiste Oireachtais míshásta faoi ‘dhiúltú’ Aire na Gaeltachta teacht os a gcomhair

Deir baill Choiste Oireachtais na Gaeilge go bhfuil siad “an-mhíshásta” nár fhreastail Aire Sinsearach na Gaeltachta ach ar chruinniú amháin dá gcuid le breis is dhá bhliain anuas, in ainneoin go ndearna siad teagmháil léi 11 uair le cuirí a thabhairt di.

I ráiteas a chuir Tithe an Oireachtais amach tráthnóna inné, rinneadh cur síos ar na hiarrachtaí go léir a rinne Coiste Oireachtais na Gaeilge an tAire Catherine Martin a fháil le teacht os a gcomhair.

Deir baill an Choiste gur údar iontais dóibh nach raibh an tAire Martin le fáil le teacht os a gcomhair ach uair amháin ó sheol siad cuireadh chuici den chéad uair ag deireadh na bliana 2020.

Idir seo agus sin d’fhreastail an tAire Martin ar chruinniú amháin den choiste, ar an 21 Bealtaine 2021.

Le linn na tréimhse idir Nollaig 2020 agus Samhain 2022, deir an Coiste go ndearna siad teagmháil 11 uair leis an aire, idir chuirí agus mheabhrúcháin, faoi theacht ina láthair.

Cé go bhfuil na dualgais ó thaobh na Gaeltachta aistrithe ag an Aire Martin go dtí aire stáit ina Roinn (Patrick O’Donovan agus Jack Chambers roimhe sin), deir baill an choiste gur chóir don aire sinsearach teacht os a gcomhair chun ceisteanna áirithe a fhreagairt.

Deir siad gur ar an aire sinsearach atá an phríomhfhreagracht as buiséad na Roinne agus gur mhaith leo ceisteanna buiséid a phlé léi, buiséad TG4 san áireamh.

“Is nós parlaiminteach seanbhunaithe é go dtagann Airí sinsearacha os comhair Choistí éagsúla de Thithe an Oireachtais go rialta. Sa chomhthéacs parlaiminteach sin, tá an Comhchoiste ag iarraidh ábhair atá tábhachtach do phobal na Gaeilge a phlé leis an Aire sinsearach a bhfuil an phríomhfhreagracht i leith na Gaeilge agus phobal na Gaeilge faoina cúram,” a deir an ráiteas ó Thithe an Oireachtais.

“Cuireann sé iontas ar an gComhchoiste nach bhfuil an tAire toilteanach obair an Chomhchoiste a éascú, díreach mar a dhéanann airí sinsearacha eile i leith Coistí ábhartha eile de chuid Thithe an Oireachtais.”

Tá ráite ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Dála Catherine Martin, cheana go bhfuil dualgais na Gaeilge agus na Gaeltachta tarmligthe aici chuig aire stáit, ach deir Cathaoirleach an choiste, Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil sé tábhachtach go dtiocfadh sí os a gcomhair.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin cheana go mbíonn an tAire Martin ag maíomh go minic faoin obair a dhéanann sí ar son na Gaeilge agus gur uirthi atá an fhreagracht maidir le cinntí a dhéantar ina Roinn.

Níos mó