Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘craiceann-a-bhualadh-lasmuigh-i-sraidbhaile-beag?-ni-doigh-liom-e,-a-bhuachaill!’

‘Craiceann a bhualadh lasmuigh i sráidbhaile beag? Ní dóigh liom é, a bhuachaill!’

| An Cailin sa Chathair | ,

Tá an Cailín sa Chathair tagtha abhaile chun na tuaithe ar feadh tamaill agus ní mó ná sásta atáim leis an tseilg atá amach romham anseo. Tar éis dom cúpla oíche a chaitheamh i measc fir áitiúla shingle, is léir dom gur mó a gcuid spéise san ól agus i línte cócaoin ná i gcúrsaí collaíochta.

Oicé, níl san go hiomlán fíor. Chuir fear atá 15 bliain níos sine ná mé suim ionam oíche amháin.  Agus gan fiú smidiú orm! Tar éis an easpa suime a léiríodh ionam go dtí san, caithfidh mé a rá gur thaitin an aird liom i dtosach. Ach ansan thosnaigh sé do mo chrá, ag lorg póigín, mar a thug sé féin air. Thugas póigín dó. Níorbh aon phóg mhór phaiseanta é, ach fós theastaigh uaidh “imeacht áit éigint lasmuigh”ansan. 

Ní raibh seans fén spéir go rabhas ag imeacht in aon áit leis. Maireann sé lena thuismitheoirí fós, agus ní haon bhleachtaire mise ach ní dóigh liom gur cómhrá príobháideach a bhí ar intinn aige. Táimse oscailte a dhóthain, ach an tigh tábhairne a fhágaint chun imeacht ag bualadh craicinn lasmuigh i sráidbhaile beag? Ní dóigh liom é, a bhuachaill. Ná beadh a fhios ag gach éinne sa dúthaigh sula mbeadh an ghrian éirithe an mhaidin dár gcionn! Ní dóigh liom é. 

Bhuel bhíos rite amach as dóchas go n-aimseoinn aon chara collaíochta sa bhfíorshaol agus n’fheadar éinne cad a bheadh i ndán do bhean óg shingil fén dtuath ansan. Bhraitheas ná raibh an dara rogha agam, agus fuaireas an diabhal aip gur fuath linn ar fad: Tinder. Ó tá an ghráin agam uirthi. Is maith an t-anlann an t-ocras, áfach, agus bhíos sásta aon rud a thriailt. Thógas anáil agus thosnaíos ag svaidhpeáil. 

Táim ar Tinder anois le tamall maith san áit iargúlta seo. Más rud é go bhfuil féinmheas agus dínit agat agus níl tú ar Tinder, seans ná beidh tú ar an eolas fé na hathruithe is déanaí. Anois, chomh maith le bio, is féidir a chur isteach cén sórt rud atá á lorg agat! Idir ‘spraoi gearrthéarmach’, ‘gearrthéarmach ach oscailte go fadtéarmach’, ‘still figuring it out‘, is fusa ná riamh é an saghas duine atá uait a aimsiú. Is féidir, ní amháin Instagram, ach Spotify a nascadh leis an aip, ar eagla go svaidhpeálfá ar dheis do dhuine ar maith leis ceol tíre, trí thimpiste.

An chéad rud a thugas fé ndeara an uair seo ar Tinder ná ná fuil na fir áitiúla air. Conas a bheidís in áit chomh beag seo? Tá deirfiúracha, colceathracha agus exes ar fad ag cur fúthu sa dúthaigh chéanna. Tá seans an-mhaith ann go mbuailfeá le do bhas agus tú amuigh ar choinne, agus tá formhór na ndaoine óga ag maireachtaint ag baile lena dtuismitheoirí, sna fichidí déanacha agus fiú sna tríochaidí! Níl rud ar bith anaithnid amuigh fén tuath, tá gnó gach duine ar eolas ag gach duine eile. Tuigim an méid seo go maith anois. 

Oíche amháin agus mé ar Tinder, ba bheag nár thiteas as mo sheasamh nuair a chonac aghaidh mo dhearthár ag féachaint amach orm ón scáileán. Chuireas mo phróifíl i bhfolach ar an bpointe. D’éiríos as ar feadh tamall maith ina dhiaidh sin. Bhíos sceimhlithe go bhfeicfeadh sé mé, agus is cinnte go bhfeicfeadh a chuid cairde ar fad mé, agus go mbeadh a fhios acu go bhfuilim ar thóir na collaíochtaChomh náireach. Ach tar éis cúpla seachtain, briste ag an éadóchas, chuireas suas an aois agus leanas orm ag svaidhpeáil. 

Fear amháin lenar mheaitseáileas, bhí sé ag maireachtaint i veain champála agus ag bogadh timpeall. Fánaí digiteach, tá a fhios agat. Bhíos saghas amhrasach, ach bhí painéil ghréine ar an veain aige. Bhí orm é a fheiscint. Chuamar le haghaidh cúpla deoch, fuair sé mála Tayto, oinniún agus cáis (mholfainn gan é seo a dhéanamh ar choinne collaíochta). Bhí sé deas, bíodh is go raibh sé áibhrín róshásta gur éirigh leis bean a mhealladh. Ag deireadh an lae, maireann sé i veain mhór bhán. Chuas thar n-ais go dtín veain leis, pé scéal é, agus bhí ard-oíche againn. Níor chuala uaidh ach cúpla babhta ó shin. Sin sampla de Tinder ag obair mar is ceart! 

Is dócha go n-oibreoidh Tinder níos fearr duit más i gcathair atá tú, ach do na daoine bochta single éadóchasacha ar nós mé féin, ná fuil ach ag lorg oíche spraoi, nó b’fhéidir cara craicinn, tá sé ríthábhachtach ná éireoimid as agus go leanfaimid orainn ag baint trial as na rudaí seo. Gheobhaimid duine éigint ar deireadh. B’fhéidir go dtriallfaidh mé Hinge anois…

Níos mó