Bhí an Airéine O3 i mBaile Átha Cliath lán go doras an Satharn seo caite agus Clannad ag casadh an phoirt deiridh in Éirinn tar éis leathchéad bliain. Bhí go leor de phobal Ghaoth Dobhair i measc na mílte a tháinig chun a meas do laochra a mbaile féin a chur in iúl. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Máire Ní Bhraonáin, ClannadAn Airéine O3 i mBaile Átha Cliath lán go dorasCiarán Ó BraonáinPól Ó BraonáinAg cuimhneamh i gcónaí ar mhuintir an cheoil atá imithe ar shlí na fírinne – Pádraig Ó DúgáinNoel Ó Dúgáin, a fuair bás anuraidhLeon Ó Braonáin, bainisteoir camchuairte Clannad agus deartháir Mháire agus Phóil, a d’imigh uainn in 2021Clannad abú! Comhscoláirí le Pól Ó Braonáin as Clannad, a bhí ina theannta i gColáiste Summerhill 1969-1974. D’éirigh le 21 díobh freastal ar an gceolchoirm.Nicolas Sepulveda Alarcon a tháinig ón tSile go speisialta chun Clannad a fheiceáil ar stáitse den chéad uair. Amhrán le Clannad ‘I will find you’ sa mhórscannán Last of the Mohicans, a spreag suim mhór Nicolas i ngrúpa Ghaoth Dobhair. Ní raibh sé in ann eitilt díreach go Baile Átha Cliath as Osló san Iorua de bharr stoirme ach sa deireadh fuair sé eitilt go dtí Gatwick agus ar aghaidh ansin go Baile Átha Cliath. Thug Máire Ní Bhraonáin aitheantas do Nicolas agus dá aistear ón stáitse.Hazel O’Carroll, Sord, Baile Átha Cliath; Emma Sculley, An Ros, BÁC agus Trish Kelly, An tInbhear Mór, Co Chill MhantáinClaire Ní Chnáimhsí, Anna Bean Uí Chnáimhsí, Paula Muldowney agus Edel Ní Chnáimhsí, An Ghlaisigh. “Bhí an oíche ar dóigh, go háirithe an t-amhrán ‘Dúlamán’,” a deir Edel.Lucht leanta Clannad ón nGearmáin. Ó chlé: Nora Jarmuth, Reichenbach; Anna D. Ushiner, Dresden; Heike Braun, Pforzheim agus Christine Bormann, Wyk auf Föhr. Is é an t-amhrán ‘Harry’s Game’ a spreag Nora Jarmuth nuair a bhí sí 15 bliain d’aois. “Chuir an t-amhrán sin mé ag caoineadh,” a deir sí. “Bhí iontas agus áthas uirthi nuair a tháinig Clannad go dtí a baile beag dúchais féin i Reichenbach. Bhí oíche cheoil is chainte ag Nora agus lucht Clannad ina dhiaidh sin.Cortney Haber, Carolina Thuaidh, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Kelly Mac Menamin, Cill Mhaighneáin. Sna 1980idí i mBaile Átha Cliath a chonaic Kelly Clannad den chéad uairAvril Dwyer agus Jacqueline Meaney, Áth an Ghainimh, Baile Átha CliathIris Ó Néill agus Ciarán Crilley, An Rinn, Baile Átha CliathMuintir Fitzgerald as Maigh Eo agus Muintir Quirke as Tiobraid ÁrannJeanette Reuß, Hamburg, An Ghearmáin. Tá Clannad feicthe ag Jeanette timpeall 13 uair agus is í a bhunaigh an grúpa Facebook Clannad ‘In a Lifetime’ a tharraing lucht leanta an bhanna ar fud an domhan le chéile. Tháinig 30 den ghrúpa ó thíortha na hEorpa agus níos faide ó bhaile le chéile don cheolchoirm seo. Sa phictiúr tá Dave as Flint i dTuaisceart na Breataine Bige agus Kati agus Julia as Guetersloh sa GhearmáinMuintir Mhín a’ Leice, Co Dhún na nGall tar éis na ceolchoirme. Deirdre agus Tadhg Óg Ó Duibhir; Eimear agus Senan Gibson; Róisín Ní Dhuibhir agus Mary agus Tadhg Ó Duibhir‘Tá ár dticéid againn do Chlannad.’ Helen Morgan agus Anne Marie TarpeyBrendan Corey agus Breda O’Brien, Dún Droma, Baile Átha Cliath. Chonaic siad ‘Fuaim’ le Clannad sa Cheoláras Náisiúnta sna hOchtóidíJoe, Niamh agus Breda Brunnell, Cromghlinn, Baile Átha Cliath