Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
seanchlochar-a-athchoiriu-agus-tithe-a-dtogail-ag-colaiste-samhraidh-chun-mna-ti-a-mhealladh

Seanchlochar á athchóiriú agus tithe á dtógáil ag coláiste samhraidh chun mná tí a mhealladh

Tá seanchlochar á athchóiriú agus tithe á gceannach ag coláiste samhraidh Gaeltachta ar mhaithe lena gcur ar fáil do dhaoine a bheadh sásta a bheith ina mná tí agus scoláirí a choinneáil.

Tá athchóiriú an tseanchlochair agus tógáil na dtithe mar chuid de phlean atá ag Coláistí Chorca Dhuibhne le dul i ngleic leis an ghanntanas ban tí.

Tá múnlaí nua éagsúla á dtriail acu chun daoine a mhealladh chun scoláirí a choinneáil.

Tá plean eile ag lucht na gcoláistí ionad a thógáil a mbeadh spás ann lóistín a chur ar fáil do 140 scoláire.

Idir an dá linn, tá cead pleanála á lorg acu le trí theach a thógáil a chuirfí ar fáil ar chíos réasúnta do dhaoine a bheadh sásta scoláirí a choinneáil.

Dúirt Bainisteoir Choláistí Chorca Dhuibhne Paidí Ó Sé le Tuairisc go raibh iarratas ar chead pleanála curtha faoi bhráid Chomhairle Contae Chiarraí leis na trí theach a thógáil i mBaile an Fheirtéaraigh.

Thógfaí na trí theach ar thalamh Chomharchumann Chorca Dhuibhne I mBaile an Fheirtéaraigh.

Dúirt Ó Sé gur cur chuige ‘nua’ don choláiste é a bheith ag tógáil tithe ach go bhfuil sé déanta cheana ag coláistí eile a raibh deacrachtaí acu mná tí a mhealladh.

“Bhí traidisiún an-simplí againn i gCorca Dhuibhne. Bhí mná tí ann ar leo na tithe ach anois tá muid ag tarraingt mná tí isteach, agus is múnla é atá in úsáid ag coláistí eile i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht a mbíonn deacracht acu mná tí a fháil,” a dúirt Ó Sé.

Mar chuid den iarracht atá ar siúl ag lucht Choláistí Chorca Dhuibhne tuilleadh lóistín a fháil do scoláirí, táthar chun athchóiriú a dhéanamh ar sheanchlochar taobh thiar de Bhaile an Fheirtéaraigh, ar leis an gcomharchumann é, agus é a chur ar fáil do theaghlach Gaeltachta a bheadh sásta lóistín a chur ar fáil do scoláirí.

“Ní féidir le daoine tigh a fháil sa cheantar, mar sin gheobhaidís tigh a bheadh nua-aimseartha, ar ardchaighdeán. Ní bheadh aon infheistíocht le déanamh acusan sa tigh. An t-aon choinníoll a bheadh ann ná go mbeadh orthu lóistín a chur ar fáil do chúig chúrsa le linn na bliana.”

Dúirt Ó Sé gur “deis” a bheadh ann do theaghlaigh Ghaeltachta nach bhfuil teach feiliúnach acu le scoláirí a choinneáil.

“An-chuid daoine anois, deir siad gur bhreá leo scoláirí a thógáil ach nach bhfuil an tigh atá acu mór go leor nó oiriúnach. Seo deis do dhaoine ar mhaith leo scoláirí a choimeád.  Gheobhaidís teacht isteach maith agus bheadh tigh breá ar chíos réasúnta acu.”

Tá pleananna eile ag Coláistí Chorca Dhuibhne ionad óige agus oideachais a thógáil ar láthair an champais, ionad a mbeadh spás ann lóistín a chur ar fáil do 140 scoláire.

Tháinig laghdú mór ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí Choláiste Chorca Dhuibhne anuraidh mar gheall nach raibh go leor ban tí ar fáil le scoláirí a choinneáil.

D’éirigh triúr déag ban tí as i gceantar Chorca Dhuibhne anuraidh, agus tá líon na mban tí laghdaithe 27% ó 2019.

Bhí 400 leaba ar fáil do chúrsaí Choláistí Chorca Dhuibhne an samhradh seo caite i gcomparáid le 525 leaba in 2019.

Dúirt Ó Sé go raibh géarghá le teacht ar “shlite cruthaitheacha” chun dul i ngleic leis an laghdú atá tagtha ar líon na mban agus fear tí.

“Tá na rudaí seo á dtriail againn chun an brú ó thaobh lóistín de a laghdú agus chun a chinntiú go mairfidh an coláiste sa cheantar,” a dúirt Ó Sé.

Níos mó