Tá an ghráin ar an nGaeilge go rábach i mbunscoileanna Béarla an stáit, de réir taighde nua.
Deirtear in dhá thuarascáil nua faoin gcuraclam bunscoile gurb í an Ghaeilge an t-ábhar is lú a thaitníonn le páistí scoile.
Deir an NCCA go bhfuil tuairimí na bpáistí faoin nGaeilge agus gnéithe eile de shaol na scoile “breá soiléir”.
I bhfianaise thorthaí na suirbhéanna a deineadh mar chuid den taighde, is gá, a deirtear díriú ar an tslí a ndéantar an Ghaeilge a theagasc i mbunscoileanna Béarla.
“Tá ceisteanna éagsúla le freagairt i réimsí éagsúla mar gheall ar an ngráin ar an nGaeilge atá go rábach i scoileanna Béarla: na cúiseanna a bhfuil an dearg-ghráin acu ar an ábhar, an díospóireacht leanúnach faoin tslí a ndéantar an Ghaeilge a theagasc, an méid is féidir a dhéanamh amach anseo le cabhrú le múinteoirí cur lena gcuid líofachta, conas is féidir feabhas a chur ar theagasc na Gaeilge agus conas dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú agus úsáid ghníomhach na Gaeilge a chur chun cinn i measc cainteoirí óga.”
Tá foláireamh ag lucht an taighde nár cheart féachaint ar na torthaí mar fhianaise go bhfuil meon daltaí i leith na Gaeilge “do-athraithe”, go háirithe mar gur cruthaíodh cheana go mbíonn tionchar dearfach ar mheon na ndaltaí ag beartais a thugann deis dóibh a bheith ag plé níos mó leis an teanga.
Ghlac páistí, tuismitheoirí, múinteoirí agus eagraíochtaí páirt sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí a bhí mar chuid den taighde.
Mar chuid de shuirbhé na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, cuireadh ceist ar thuismitheoirí agus caomhnóirí cén chuid den churaclam nó den churaclam molta ba cheart fáil réidh léi.
Bhain 10% de na tráchtanna a fuarthas leis an nGaeilge agus daoine den tuairim gur cheart béim níos lú a bheith ar theagasc na Gaeilge nó nár cheart go mbeadh staidéar na teanga riachtanach.
Ba é an téama ba choitianta a roghnaigh tuismitheoirí ná teagasc an Reiligiúin, a luaigh 31%.
Luadh ‘obair bhaile’ i 6% de fhreagraí na dtuismitheoirí.
Bhí an Ghaeilge luaite chomh maith in aighneachtaí agus freagraí eile a fuarthas mar chuid den taighde a rinneadh anuraidh.
Luadh gur chóir go mbeadh ar ábhar oidí tréimhse roinnt seachtainí a chaitheamh sa Ghaeltacht chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge sula gcuirfidís tús lena gcúrsaí sa choláiste.
Dúradh gur chóir tacaíocht bhreise a thabhairt do mhúinteoirí Gaeilge, go háirithe múinteoirí a bhíonn ag teagasc trí Ghaeilge.
Luadh tábhacht na Gaeilge do chultúr na hÉireann agus an gá le tacú léi i scoileanna Béarla agus i scoileanna lán-Ghaeilge.
Bhí gá, a dúradh, le “fís shoiléir” don Ghaeilge agus don dátheangachas. Luadh gur chóir féachaint ar an dátheangachas mar bhunscil ar leith agus ar na nGaeilge mar bhealach le bunscileanna eile a neartú.
Moladh béim níos mó a chur ar an tumoideachas agus dúradh gur cheart polasaí nua a thabhairt isteach do theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais go léir.
Chaithfí chomh maith a chinntiú nach gcuirfeadh múineadh teangacha eile sa bhunscoil as do theagasc na Gaeilge.
Deir údair an taighde gur gá tuilleadh taighde a dhéanamh ar thaithí na bpáistí ar fhoghlaim na Gaeilge.
Foilsíodh taighde nua an CNCM ina dhá chuid – an Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile agus tuarascáil ar leith faoi na tuairimí a bailíodh ó dhaltaí scoile mar chuid den taighde.