Beidh cead ag fir nó mná tí a bhíonn ag cur lóistín ar fáil do na coláistí samhraidh Gaeilge suas le 16 scoláire a choinneáil in aon teach amháin de bharr athrú atá fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta.
Ó 2014, ní raibh cead ach uaslíon dháréag scoláirí a choinneáil i dteach, ábhar gearáin ag roinnt daoine a raibh baint acu leis an earnáil.
Agus é ag fógairt an scéil inniu, dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan go gcabhródh an beart nua le teaghlaigh tuilleadh airgid a thabhairt isteach agus leis na coláistí féin níos mó áiteanna a chur ar fáil do scoláirí.
Deir Roinn na Gaeltachta go bhféadfadh fir nó mná tí ioncam breise €3,168 in aghaidh na bliana a shaothrú faoin scéim leasaithe, gan an táille a íocann na coláistí féin leis na tithe a bheith san áireamh.
Ardaíodh anuraidh an deontas laethúil d’fhir agus do mhná tí go dtí €12 in aghaidh an scoláire. Fágann sin go bhféadfadh teaghlach a choinníonn 16 dalta do thrí chúrsa 22 oíche ar fhad €12,672 a shaothrú faoin scéim i mbliana.
“Is cúis áthais dom a bheith ábalta an beart praiticiúil seo a cheadú ar leas theaghlaigh na scéime agus chóras na gcoláistí Gaeilge araon,” a dúirt an tAire Stáit O’Donovan.
“Ní hamháin go gcuirfidh an t-athrú seo ar chumas tithe cáilithe na scéime breis ioncaim a fháil as a bheith ag cur lóistín breise ar fáil, ach cabhróidh sé chomh maith leis na coláistí iad féin. De thoradh seo beidh tithe agus coláistí araon in ann deiseanna breise a chur ar fáil d’aos óg na tíre chun freastal ar chúrsaí Gaeilge i bhfearann dúchais na teanga, an Ghaeltacht – rud a bheidh ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta, ar ndóigh.”
De réir threoirlínte na Roinne, ní foláir do theaghlaigh a chinntiú go bhfuil 8.5 méadar ciúbach spáis urláir in aghaidh an scoláire ar fáil sna seomraí codlata agus ní féidir níos lú ná beirt ná níos mó ná seisear a bheith in aon seomra faoi leith.
Is gá freisin báisín níochán lámh in aghaidh gach seisear a bheith sa teach agus leithreas agus cithfholcadán do gach deichniúr, muintir an tí san áireamh.
Beidh súil ag an Roinn go meallfaidh an t-athrú seo agus an t-ardú a tháinig ar an deontas a chuirtear ar fáil do theaghlaigh nua a chláraíonn le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge tuilleadh teaghlach isteach sa chóras.
Údar imní do lucht na gcoláistí samhraidh é an titim mhór atá tagtha ar líon na dtithe le blianta beaga anuas. Ó 2019 shocraigh 25% den 700 bean tí a bhíodh ag coinneáil scoláirí éirí as agus measadh go raibh na coláistí samhraidh gann 1,800 leaba anuraidh.