Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘leas-dochais-san-eigeandail-aeraide-iad-muintir-chorca-dhuibhne-–-duncan-stewart’

‘Léas dóchais san éigeandáil aeráide iad muintir Chorca Dhuibhne – Duncan Stewart’

| Slaine Ni Chathallain | ,

A chairde, bhraitheas go raibh dualgas orm an méid a chuala inné a roinnt libh. D’fhreastlaíos ar chomhdháil ana-spéisiúil ar fad in Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin inné, ag a raibh an craoltóir agus an gníomhaí timpeallachta Duncan Stewart ina aoichainteoir.

Ar an gcéad dul síos, ní raibh puinn cur amach agam ar an bhfear, ná níl a chlár teilifíse Eco Eye feicthe puinn riamh agam, ach chuaigh an méid a dúirt sé go mór i bhfeidhm ormsa agus ar an lucht féachana a bhí i láthair. Thosnaigh sé le ráiteas ana-láidir, agus dúirt go mbraitheann sé go bhfuil tír na hÉireann in umar na haimléise ó thaobh dul chun cinn a dhéanamh i réimse na héigeandála aeráide. Nílimid ag baint ár gcuid spriocanna amach, olc ná maith, a dúirt sé, agus dúirt leis na daoine óga a bhí sa lucht féachana, go raibh doineann i ndán dóibh roimh dheireadh a saoil toisc an t-athrú a thiocfaidh ar an ndomhan.

Tá eiceachórais atá riachtanach d’inmharthanacht an chine dhaonna ag fáil bháis ar luas lasrach agus tá an méid dé-ocsaíd charbóin agus gáis dhíobhálacha eile atá ag sileadh linn ag síormhéadú. Náire shaolta ár dtír, a dúirt sé, ach léas dóchais dó a bheith i gCorca Dhuibhne chun bualadh le grúpaí agus daoine atá ag déanamh a gcion ar son na haeráide. Tóg, mar shampla, Áine Uí Dhubhshláine ar léi an bhialann Tig Áine ar an nGráig. Laoch mná, a mhínigh don lucht féachana nár chaith sí ach €300 in imeacht bliana ar 300 ciliméadar taistil ina cairt leictreach toisc go bhfuil na painéil ghréine atá feistithe sa tig aici, ag cur leictreachas ar fáil di. Tugadh bualadh bos mór d’Áine, atá go mór chun cinn ar an ngnáthdhuine, deinim amach.

Bunaíodh grúpa nua ag an gcomhdháil inné a bheidh dírithe ar chúrsaí fuinnimh a fheabhsú agus billí a laghdú i ngnólachtaí a bhíonn ag plé le turasóirí i gCorca Dhuibhne. Tiocfaidh máistirphlean as sin a rachaidh chun tairbhe dúinn ar fad.

Lean Duncan Stewart air, ag rá go gcífimid na céadta milliún duine ag bogadh ó thír amháin go tír eile, mar go mbeidh a dtithe féin scuabtha chun siúil ag an bhfarraige sara fada. Is iad na daoine is saibhre ar domhan is mó ar féidir leo smacht a bheith acu ar an bhfadhb mhillteach seo, a dúirt sé. Ar leibhéal níos áitiúla, is iad na feirmeoirí na basanna. Is féidir leo fuinneamh in-athnuaite a chruthú agus bia a fhás, agus ní gá dúinn feasta a bheith ag braith ar fhoinsí fuinnimh i gcéin, mar a dtagann 89% d’fhuinneamh na tíre faoi láthair. Táimid i bpoll mór domhain ó thaobh fuinneamh a chruthú sa tír, agus tá ról thar a bheith lárnach ag muilte gaoithe sa scéal, agus an ghaoth ar an bhfoinse fuinnimh is saoire in Éirinn faoi láthair.

Sa tSualainn, tá formhór an fhuinnimh a úsáideann an pobal, in-athnuaite, agus is ar bhith-ghás, a cruthaítear ar fheirmeacha, a ritear gach bus agus tacsaí i bpríomhchathair na tíre sin. Tá bóthar ana-fhada ar fad romhainne chun a leithéid a bhaint amach.

Níl aon rogha fágtha anois ach gníomhú ar an bpointe, sula mbeimid súncáltha, báite, gan aon teacht ar ais, dar leis. Ní fás aon oíche a bheidh anseo, ná baol air, ach is fiú an tairbhe an trioblóid sa chás seo, dár gcuid leanaí agus a gcuid leanaí siúd, murar dúinn féin a dhéanfaimid beart.

Níos mó