![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2023%2F03%2FTRAD-23-5.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=b8302356)
Imeacht Eolais Poiblí – TRAD23
Imeacht Eolais Poiblí – TRAD23
@ Áras na hEorpa
Lecture / TalkDé Céadaoin an 29 Márta, reáchtálfaidh an Coimisiún Eorpach imeacht eolais poiblí in Éirinn chun míniú a thabhairt ar phríomhghnéithe TRAD23, is é sin an glao nua ar thairiscintí maidir le seirbhísí aistriúcháin a sholáthar don Choimisiún Eorpach.
Is féidir an Fógra Réamheolais maidir le TRAD23, agus an Fógra maidir le Conarthaí TRAD23, a léamh anseo.
CLÁR:
9.30 Clárú
Cuirfear tae agus caife ar fáil
Seisiún 1 (as Béarla)
10.00 Fáilte
10.10 An glao nua ar thairiscintí – míniú ar na príomhghnéithe
11.30 Ceisteanna & Freagraí
12.30 Críoch
Seisiún 2 (as Gaeilge) – an t-aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge is ábhar don seisiún seo
13:30 Fáilte
13:40 An saoraistriúchán go Gaeilge don Choimisiún Eorpach: Cad a aistrímid, agus cé mhéad a bhíonn á sheachfhoinsiú againn?
14.40 Cur síos ar a mbíonn i gceist go praiticiúil leis na conarthaí saoraistriúcháin (EN > GA)
15.10 Ceisteanna & Freagraí
15:40 Críoch
Is féidir freastal ar an imeacht ach clárú faoin gCéadaoin, an 22 Márta, agus is féidir ceisteanna a chur i ríomhphost chuig DGT-Dublin@ec.europa.eu. Seo agat an nasc le haghaidh clárú.
* Is imeacht é seo a bheidh ar siúl ar an láthair féin, ach beifear in ann féachaint air ar líne (Webex). Mar eolas, na ceisteanna a bheidh ag daoine a bheidh i láthair go fíorúil, cuirfear faoi bhráid chathaoirleach an imeachta iad tríd an bhfeidhm chomhrá, agus léifidh seisean os ard iad.
Is féidir an t-eolas is déanaí, sceideal d’imeachtaí gaolmhara agus físeáin a bhaineann le TRAD23 a fháil ar líne agus ar na meáin shóisialta ach úsáid a bhaint as an haischlib #Translate4EU.