Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-garda-siochana-ag-suil-le-100-cainteoir-gaeilge-a-earcu

An Garda Síochána ag súil le 100 cainteoir Gaeilge a earcú

| Tuairisc.ie | ,

Tá An Garda Síochána ag súil le 100 cainteoir Gaeilge a earcú mar chuid dá bhfeachtas nua earcaíochta.

Táthar ag súil go n-earcófar 1,000 garda nua i mbliana.

“Mar a rinneadh sna feachtais earcaíochta a bhí againn roimhe seo, fógrófar go foirmiúil Sruth Gaeilge,” a dúirt a dúirt urlabhraí de chuid An Garda Síochána.

“Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil faoin sruth Gaeilge le linn an fheachtais earcaíochta.”

Faoin Sruth Gaeilge, cuireann An Garda Síochána 10% de na háiteanna ar leataobh d’iarrthóirí a bhfuil Gaeilge líofa acu.

Cé go ndearna breis is 450 duine iarratas ar an sruth Gaeilge i gcomórtas earcaíochta an Gharda Síochána anuraidh níor éirigh ach le 24 acu teacht tríd an chéad bhabhta scrúduithe.

Cé gur éirigh leis an 24 duine nua sa chéad bhabhta agallaimh anuraidh, bhí scrúduithe aclaíochta agus dochtúra le déanamh orthu, chomh maith le grinnfhiosrúchán, sula mbeidís in ann freastal ar Choláiste na nGardaí ar an Teampall Mór.

369 duine ar fad ar éirigh leo sa chomórtas earcaíochta a reáchtáladh anuraidh. Mar sin is 6.5% díobh a tháinig tríd an sruth Gaeilge.

Tá os cionn 200 ábhar Gardaí faoi oiliúint i gColáiste na nGardaí sa Teampall Mór faoi láthair, daoine a earcaíodh as feachtas earcaíochta na bliana seo caite.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Simon Harris go raibh sé riachtanach “go gcuirfí leis an éagsúlacht in An Garda Síochána agus go gcinnteofaí go n-aithneodh gach pobal iad i seirbhís póilíneachta na tíre”.

Dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris gurb í an sprioc atá aige féin ón bhfeachtas seo go mbeadh ceithre bhaicle tosaitheoirí eile ábhar gardaí, agus thart 225 earcach i ngach grúpa, ag tabhairt faoin gColáiste sa Teampall Mór i rith 2023.

“Is mian linn go mbeadh daoine ó gach cineál cúlra agus pobal ina mbaill den Gharda Síochána agus tá sin de dhíth. Impím orthu lena dtoil iarratas a chur isteach. Sin é an t-aon bhealach a bhfaighimid an ionadaíocht sna Gardaí atá ag teastáil ó na pobail agus tá siad ina theideal.”

I bhfeachtas na bliana seo, díreofar chomh maith ar Éireannaigh atá ina gcónaí thar sáile, i dtíortha amhail an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Astráil agus an Nua-Shéalainn.

“Táimid ag iarraidh freisin daoine a chuaigh thar sáile a mhealladh ar ais abhaile agus dul sna Gardaí. Deis iontach atá anseo le leas a dhéanamh don tír inar fhás tú suas,” a dúirt Drew Harris.

Tá an feachtas seo bunaithe ar thuiscint na nGardaí atá i mbun dualgais faoi láthair agus tugann siad fíorshamplaí óna saol féin faoin gcaoi a ndéanann siad féin iarracht cuidiú le daoine agus le pobail.

Níor earcaíodh ach 55 Garda tríd an sruth Gaeilge idir 2013 agus 2019. Triúr a bhí i gceist in 2019, an uair dheireanach go raibh feachtas earcaíochta ann roimh fheachtas na bliana seo caite. Earcaíodh 3,000 Garda nua ar fad le linn na tréimhse 2013-2019.

Chuir an t-iarchoimisinéir teanga Rónán Ó Domhnaill tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais maidir leis an sárú dlí atá á dhéanamh ag an nGarda Síochána maidir le heaspa Gardaí a bhfuil Gaeilge líofa acu a chur ar dualgas sa Ghaeltacht.

Níos mó