Tá sé ina raic idir tuismitheoirí agus bord Ghaelcholáiste Chiarraí faoi leithreas ilinscne.
Chinn Bord Bainistíochta na scoile, atá le hoscailt ar shuíomh nua an mhí seo chugainn, gur leithris ilinscne a bheadh ann.
Deir tuismitheoirí áirithe nach ndeachaigh údaráis na scoile i gcomhairle leo mar ba cheart faoin gcinneadh.
Dúirt Príomhoide Ghaelcholáiste Chiarraí Ruairí Ó Cinnéide gurb iad an Roinn Oideachais a leagann síos na treoirlínte do thógáil leithreas scoile.
Tá leithreas do bhuachaillí, leithreas do chailíní agus leithreas ilinscne le bheith sa scoil nua atá á tógáil ar shuíomh 6.5 acra ar chostas €16 milliún.
Roimhe seo bhí sé i gceist gur leithris ilinscne ar fad a bheadh sa scoil nua.
Dúirt Dee Stewart, duine de na tuismitheoirí atá i gcoinne an chinnidh, leis an nuachtán an Kerryman nach raibh aon chúis go mbeadh conspóid ann faoi na leithris. Dúirt sí go raibh sí féin agus tuismitheoirí eile buartha go raibh polasaithe faoi cheisteanna inscne á mbrú isteach san iarbhunscoil lán-Ghaeilge.
Mhaígh sí gur ceist a bhain le sláinte agus sábháilteacht a bhí ann.
Deir an grúpa tuismitheoirí go bhfuil siad ag iarraidh ionchur níos mó a bheith acu feasta nuair atá ceisteanna a bhaineann leis ann bhféiniúlacht inscne á bplé. Deir Gaelcholáiste Chiarraí nach mbeadh aon fhadhb acu leis sin.
Deir an Roinn Oideachais go n-iarrtar go dtógfaí na leithris i scoileanna ar bhealach a chinntíonn gur féidir iad a úsáid mar leithreas do chailíní nó buachaillí nó mar leithreas ilinscne.