An Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2023
An Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2023
@ Ceatharlach
FestivalBeidh an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ag filleadh ar bhaile Cheatharlach i mbliana, ón 11 - 16 Aibreán 2023. Is deis céiliúradh í an fhéile ar na nascanna idir na tíortha ceilteachta: Éire, Alba, Cymru, Breizh, Kernow agus Manainn. Is í seo an chéad fhéile ar ais tar éis na paindéime agus táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh seanchairde chomh maith le cairde úra, ceoltóirí, amhránaithe, córacha, damhsóirí agus scéalaithe ó na tíortha ar fad.
Tá na comórtais idircheilteacha i gcroílár imeachtaí na féile. Beidh Bríd Ní Mhaoilchiaráin (Buaiteoir Chorn Uí Riada 2022), Sláine Ní Chathalláin (Buaiteoir Shean-Nós na mBan 2022) & Domhnall Ó Braonáin (Buaiteoir Shean-Nós na bhFear 2022) ag seasamh an fhóid d'Éirinn sa chomórtas amhránaíochta traidisiúnta ar Chéadaoin na féile. Beidh an grúpa áitiúil EnCÓRe chomh maith le Gráinne Ní Fhatharta ag glacadh páirte sa Chomórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar son na hÉireann ar Déardaoin na féile. Bhuaigh EnCÓRe an comórtas náisiúnta ag tús na bliana leis an amhrán Cion Cairde agus beidh Gráinne ag casadh an t-amhrán Mar a bhíonn (cumtha ag Áine Durkin) a bhuaigh an comórtas náisiúnta sa bhliain 2020. Guíonn muid gach rath ar na hiomaitheoirí go léir.
Tuilleadh eolais anseo.
Organizer
Pan Celtic Festivalpancelticcarlow@gmail.com+353 (0)87 285 7048Pan Celtic Festival, Glór Cheatharlach,Áras na nÓg, Éire Óg, Ceatharlach,
Éire, R93 Y020