Deir Joe Biden go bhfuil ceart ag an uile pháiste a shaolaítear sa Tuaisceart ar an tsíocháin agus go gcaithfear an ceart sin a chinntiú.
Ag labhairt dó i gColáiste Uladh i mBéal Feirste inniu, dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, go raibh súil aige go n-athbhunófaí Rialtas Stormont go luath.
Dúirt Biden gurb é tráth “na hathbheochana” é ó thaobh na síochána agus comóradh á dhéanamh ar 25 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Dúirt sé gur anois an t-am do dhaoine a dtiomantas don tsíocháin a athdhearbhú lena chinntiú gur ceart dúchais ag an uile pháiste an tsíocháin.
Dúirt Biden, atá ar chuairt ceithre lá ar Éirinn, gur cosaint don tsíocháin ‘Creat Windsor’, an margadh maidir leis an bprótacal iarBhreatimeachta. Dúirt sé go dtéann an Creat i ngleic leis na buncheisteanna praiticiúla a bhaineann leis an mBreatimeacht.
Thóg Comhaontú Aoine an Chéasta “na blianta fada d’obair agus ní fhéadfaí talamh slán a dhéanamh de go dtiocfadh sé slán,” a dúirt sé.
Dúirt sé go raibh Meiriceá “an-deighilte” ach go dtugann cás an Tuaiscirt le chéile lucht Washington, Daonlathaigh agus Poblachtánaigh.
Fear as Éirinn a dhear an Teach Bán féin, a dúirt sé.
“Is ionann stair s’agaibhse agus stair s’againne. Ach níos tábhachtaí is ionann bhur dtodhchaí agus todhchaí s’againne,” arsa Biden.
Dúirt sé go raibh deis ó thaobh na heacnamaíochta “nach bhfacthas a leithéid riamh” sa Tuaisceart agus go raibh “na scórtha” comhlachtaí as Meiriceá réidh le hinfheistíocht a dhéanamh ann.
“Cothaígí an tsíocháin agus tapaígí an deis eacnamaíochta nach bhfuil ach ina tús,” a dúirt sé.
Thagair an tUachtarán do dhán leis an bhfile Ultach Sinéad Morrissey.
“D’athraigh an tsíocháin an áit seo ó bhonn agus rinne iomlánú air, rinne an tsíocháin áit ildaite den áit seo,” arsa an 46ú huachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Dúirt sé nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh den tsíocháin go deo agus nár cheart dearmad a dhéanamh air sin.
“Dúirt George Mitchell go raibh 700 den teip againn sna cainteanna [síochána] agus lá amháin den rath, ach gurb in an chúis gur lean siad leis an obair.
“Tá sé an-tábhachtach ag Daonlathaigh agus Poblachtánaigh go leanfaí le feidhm a thabhairt don Chomhaontú Aoine an Chéasta, an rud is annamh is iontach na laethanta seo in Washington.”
Bhuail Joe Biden níos túisce inniu le ceannairí na gcúig pháirtí is mó sa Tuaisceart, ceannaire Shinn Féin, Michelle O’Neill, ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, ceannaire ar Alliance Naomi Long, ceannaire an UUP Doug Beattie agus ceannaire an SDLP, Colum Eastwood.
Tar éis ócáid na hollscoile, ar Chontae Lú a thug Joe Biden a aghaidh, áit dúchais James Finnegan, a shin-seanathair.
Tabharfaidh Biden cuairt ar Chairlinn ar Leithinis Chuaille mar a bhfuil cónaí ar chuid dá dhaoine muinteartha.
Ceaptar go dtabharfaidh sé cuairt ar an gcaisleán Normannach i gCairlinn sula ngabhfaidh sé go Dún Dealgan le sciuird de shiúl na gcos a thabhairt ar lár an bhaile.