Beidh Joe Biden ar an gceathrú huachtarán de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá a thabharfaidh aitheasc i nDáil Éireann nuair a labhróidh sé le Teachtaí Dála agus Seanadóirí inniu.
Tá baill an Oireachtais ag filleadh go speisialta ó shos na Cásca don ócáid seo inniu atá mar chuid de chuairt ceithre lá Uachtarán Mheiriceá ar Éirinn.
Roimh an óráid sin ag 3.45pm tráthnóna, beidh cruinnithe ag an Uachtarán Biden le hUachtarán na tíre seo, Micheál D Ó hUigínn, agus leis an Taoiseach Leo Varadkar.
“An comhoibriú dlúth atá eadrainn faoi réimse leathan dúshlán domhanda” a bheidh faoi chaibidil ag na cruinnithe sin, a dúirt lucht Biden.
Oíche anocht reáchtálfar féasta oifigiúil don Uachtarán Biden i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Fearacht na n-uachtarán eile as Meiriceá a rinne píosa cainte i nDáil Éireann – John F Kennedy, Ronald Reagan agus Bill Clinton – an Ceann Comhairle a chuirfidh Biden i láthair an Oireachtais agus Cathaoirleach an tSeanaid a ghabhfaidh buíochas leis i ndiaidh na hóráide.
Ní bheidh aon deis chainte ag polaiteoirí eile.
Meastar go ndíreoidh an tUachtarán Biden ar théama na síochána ina aitheasc inniu, mar a rinne sé inné agus é ag caint i gColáiste Uladh i mBéal Feirste.
Sular fhág sé Meiriceá, dúirt Biden gurb í príomhchúis a thurais ná “an tsíocháin a choimeád slán”.
Meastar go bpléifidh Biden sa Dáil chomh maith na ceangail idir Éirinn agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ó thaobh na staire de, a chúlra Éireannach féin agus na mianta atá i gcoitinne ag an dá thír sa lá atá inniu ann.
I ndiaidh a óráide i mBéal Feirste inné, thug Joe Biden a aghaidh ar Chontae Lú, áit dúchais James Finnegan, a shin-seanathair.
Thug Biden cuairt ar Chairlinn ar Leithinis Chuaille mar a bhfuil cónaí ar chuid dá dhaoine muinteartha.
Thug sé sé cuairt freisin ar an gcaisleán Normannach i gCairlinn sular ghabh sé go Dún Dealgan le sciuird de shiúl na gcos a thabhairt ar lár an bhaile.
“Tá sé mar a bheifeá ag filleadh ar an mbaile,” arsa Biden agus é ag caint in The Windsor Bar i nDún Dealgan.
“Na hÉireannaigh an t-aon dream ar domhan, dar liomsa, a mbíonn cumha orthu faoin todhchaí,” ar sé.
Dúirt Joe Biden i mBéal Feirste inné go bhfuil ceart ag an uile pháiste a shaolaítear sa Tuaisceart ar an tsíocháin agus go gcaithfear an ceart sin a chinntiú.
Dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, go raibh súil aige go n-athbhunófaí Rialtas Stormont go luath.
Dúirt sé gurb é tráth “na hathbheochana” é ó thaobh na síochána agus comóradh á dhéanamh ar 25 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Is annamh aon chonspóid rómhór ag baint le haithisc uachtaráin Mheiriceá don Oireachtas, ach roimh thús óráid Reagan i 1984, bhí ar an gCeann Comhairle iarraidh ar Pháirtí na nOibrithe gan a bheith ag cur isteach ar chaint an Uachtaráin.
D’fhág triúr Teachtaí Dála de chuid na heite clé le linn na hócáide – Tony Gregory, Tomás Mac Giolla agus Proinsias De Rossa.
Eagraíodh neart agóidí in aghaidh pholasaí gnóthaí eachtracha Reagan le linn a chuairte ar Éirinn, go háirithe a pholasaí i leith tíortha áirithe i Meiriceá Theas.
Tá baghcat á dhéanamh ar ócáid an lae inniu i dTeach Laighean ag baill Phobal Seachas Brabús, a mhaígh nach aon fhear síochána Biden le fírinne agus gur aige atá an polasaí gnóthaí eachtracha “is míleata” ag aon uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá le fada.
I Maigh Eo, contae dúchais eile a shinsir, a chaithfidh sé an lá deireanach dá thuras amárach, tar éis dó eitilt as Baile Átha Cliath go dtí Aerfort Iarthar Éireann maidin Dé hAoine.
Bhí 500 duine i mbun agóide ag Aerfort na Sionainne nuair a tháinig Reagan, ina measc Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, a bhí ina sheanadóir an uair sin.
I mí an Mheithimh 1963, a labhair John F Kennedy i nDáil Éireann, i Meitheamh na bliana 1984 a thug Ronald Reagan a aitheasc don Oireachtas agus i mí na Nollag 1995 a labhair Bill Clinton le Teachtaí Dála agus Seanadóirí.