Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Tá rudaí maithe ag tarlú…

| Dáithí Anraí |

Katie McGreal

Cloiseann muid drochnuacht agus drochscéalta arís is arís eile ar an nuacht, rud a chuirfeadh ag smaoineamh thú nach bhfuil aon nuacht mhaith sa saol, ach tá! Déanann daoine rudaí maithe an t-am ar fad, ach is minic nach mbíonn suim ag na meáin díriú orthu.

Le cupla mí anuas tá na Gaeil ag eagrú agus ag bailiú airgid don chraoltóir, dár gcara agus don fhear uasal Rónán Mac Aoidh Bhuí mar tá tacaíocht agus airgead ag teastáil uaidh anois.

An tseachtain seo caite, bhí bean i mo rang agus ba léir go raibh sí ag streachailt le rud éigin. Shuigh mé léi le linn sosa ag labhairt léi le go dtuigfeadh sí nach raibh sí léi féin.

Tá cúpla bosca ionraic againn thart ar Chonamara ina ndíoltear mil, uibheacha, luibheanna, glasraí agus eile. Fagann tú d’airgead ann agus tógann tú earraí amach as, gan aon duine eile a bheith páirteach san idirbheart. Bhí scéal sa nuacht le déanaí faoi bheirt óg as Contae Laoise a chuir bosca ionraic ar bun ach a raibh orthu é a dhúnadh mar go raibh daoine ag goid uathu. Chuala muid sna meáin ar fad nuair a dhún siad an bosca ach bhí an cur chuige ar siúl acu ar feadh i bhfad roimhe sin – níor chuala muid aon rud fúthu nó faoin airgead a bhailigh siad don chatharnacht Laura Lynn go dtí go raibh drochscéal ann.

An bealach a n-oibríonn ár n-inchinn ná go mbíonn muid ag díriú ar an drochrud a tharla i bhfad níos mó ná an rud dearfach. Agus nuair is leis na drochscéalta amháin a phléann an nuacht ar fad a chuirtear os ár gcomhair, bíonn sé níos éasca fós dúinn a bheith dírithe ar an gcuid sin den saol.

Mura gcloiseann tú ach drochscéalta seans go mbeidh fearg nó brón ort mar go síleann tú go bhfuil daoine uafasach, ach ní hamhlaidh an scéal ar ndóigh. Níl chuile dhuine go holc agus níl chuile dhuine ag breathnú amach dóibh féin amháin ach an oiread.

Cabhraíonn mo chleachtadh buíochais dom díriú air seo agus mholfainn do gach duine cleachtadh den chinéal seo a bheith acu.

Gach oíche scríobhaim síos trí rud a bhfuil mé buíoch astu ón lá sin. Rudaí beaga ar nós cupán tae deas nó flasc a bheith agam le tae a thabhairt chun na scoile, nó rudaí níos mó mar rang álainn ar scoil agus páistí béasacha… cibé rud dearfach a ritheann liom!

Ach fiú leis sin, is féidir leis a bheith deacair domsa an nós a chleachtadh i gcónaí. An samhradh seo caite bhí daoine ag caitheamh go holc liom. Bhí sé uafasach. Ach bhí daoine agam a bhí iontach maith dom ag an am céanna. Bhí go leor tacaíochta agam ó áiteanna éagsúla. In amanna bhí mé dírithe ar na daoine nach raibh agam, ar na daoine a lig síos mé nó orthu sin a bhí ag caitheamh go gránna liom. Is ag na nóiméid sin a bhí orm a bheith níos díograisí leis an gcleachtadh buíochais agus a bheith airdeallach ar na smaointe a bhí agam chomh maith.

Más duine thú a bhíonn ag léamh nó ag éisteacht leis an nuacht agus ba mhaith leat níos mó scéalta maithe a aimsiú, mholfainn duit an chuid ‘gnó’ den suíomh nó den nuachtán a léamh. Is minic a thráchtar ansin ar phoist nua atá cruthaithe nó faoi chomhlacht nua atá curtha ar bun. Chomh maith leis sin, tá leithéidí The Happy Newspaper ar fáil i mBéarla, páipéar nach gclúdaíonn ach scéalta maithe amháin agus a thugann ardú croí iontach dom dá réir!

Níos mó