Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
na-cuig-thairge-ailleachta-faoi-chuig-euro-is-fearr-liom

Na cúig tháirge áilleachta faoi chúig euro is fearr liom

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

Is beag rud a fhaightear ar chúig euro na laethanta seo agus is boichte sinn dá bharr.

Chlúdaíodh an nóta cúig euro dhá chupán caifé tráth dá raibh agus is ar éigean is féidir aon phionta Guinness a fháil ar an nóta céanna anois!

Chomh fada lena bhaineann sé leis na táirgí áilleachta, d’fhéadfá lán do sheic pá a chaitheamh orthu chuile mhí dá mba mhian leat, ach is údar mór áthais dom gur ann do tháirgí is féidir a cheannach leis an nóta cúig euro céanna fós – agus táirgí maithe ina measc fiú.

Ar ndóigh, chomh fada lena bhaineann sé le cúram craicinn agus le féinchúram, is fiú cúpla pingin a chur ar leataobh chun na táirgí níos costasaí a cheannach ó am go chéile. Caithim féin níos mó airgid ar an mbonnsmideadh mar shampla, ar mhaothóir maith don éadan a bhfuil SPF ard ann agus ar sheampú agus ar fheabhsaitheoir gruaige. Chomh fada lena bhaineann sé le táirgí eile áfach, is fada ón éirí in airde mé agus bíonn mo shúile amuigh agam i gcónaí do mhargaí maithe ar na seilfeanna áilleachta.

Tá roinnt mhaith de na táirgí is ansa liom ar fad i measc na táirgí is saoire dá bhfuil ann fiú agus tá na cúig tháirge is fearr liom sa liosta seo thíos, agus iad ar fad ar luach cúig euro nó níos lú.

Mascára Essence Lash Princess False Lash Effect Waterproof €4.30

Dá mbeadh orm táirge áilleachta amháin a roghnú thar tháirge ar bith eile, is é an mascára seo a roghnóinn i gcónaí. D’fhágfainn slán le chuile ní eile, ach a bheith in ann fad agus dath a chur le do chuid fabhraí. Is ar éigean go bhfuil lá imithe tharam ó bhí mé 12 bhliain d’aois gan mascára a chaitheamh agus is ar éigean a thiocfaidh athrú ar an scéal amach anseo!

Tá airgead mór caite agam i gcaitheamh na mblianta ar na brandaí éagsúla cáiliúla amhail MAC, Benefit agus eile – ach fillim i gcónaí ar an táirge seo ó Essence atá ar na mascáraí is saoire ar an margadh ach a fhaigheann an ceann is fearr orthu uile. Tá sé uiscedhíonach, maireann sé ó mhaidin go hoíche, cuireann sé fad agus toirt leis na fabhraí agus bíonn fáil forleathan ar an táirge i siopaí agus cógaslanna, rud a thaitníonn go mór liom.

Balsam Béil Burt’s Bees €4.99

Is bean mhór balsam béil mé agus táim an-cháiréiseach faoi na brandaí a thaitníonn liom – is é sin le rá nach dtaitníonn liom ach aon bhranda amháin agus is é sin Burt’s Bees. Ní fiú uisce na gcos leithéidí Vaseline ná Labello i mo thuairim. Chomh fada agus a bhaineann sé le do bheola a choinneáil bog agus a chosaint i gcoinne na gaoithe, is é Burt an t-aon fhear don jab. Is fearr liomsa i gcónaí an buntáirge, seachas na cinn nua a bhfuil boladh nó dath curtha tríothu agus is maith liom tiúb beag den bhalsam seo a bheith liom i gcónaí.

Ola Gruaige Schwarzkopf Got2b Oil-Licious Tame & Shine 50ml €4.30

Ós é go mbím ag cur gealán i mo chuid gruaige, is dual do na ribí ag a mbun triomú amach go héasca. Mar sin, is maith liom aire mhaith a thabhairt dóibh agus ola dheas ghruaige a chuimilt ar na ribí i ndiaidh dom mo chuid gruaige a ghlanadh agus a thriomú. Arís, is mó airgead atá caite agam i gcaitheamh na mblianta ar tháirgí snasta dála Aussi agus eile, ach is deacair an buidéilín seo ó Schwarzkopf a bhualadh. Bíonn an ola seo ar fail go forleathan sna hollmhargaí agus cógaslanna agus is ola dheas éadrom í a shúitear isteach sa ghruaig go héasca, gan cuma fhliuch nó shleamhain a fhágáil inti. Molaim í go hard agus maireann í ar feadh i bhfad fiú agus an buidéil – agus an praghas – chomh beag!

Folaitheoir Catrice Liquid Camouflage High Coverage €4.50

Tá a fhios agam nach mise an t-aon bhean amháin atá gafa leis an bhfolaitheoir seo ó Catrice, toisc go mbíonn sciob sceab ar na tiúba beaga seo in Penneys i gcónaí agus a n-iomlán díolta go minic. Is stuif iontach láidir atá ann agus réimse maith dathanna ann don té a bhfuil craiceann an-gheal acu fiú mar atá agam féin. Folaíonn sé chuile ní beo gan stró, ó ghoiríní go greimeanna grá!

Díobhach smididh súl Nivea Nivea Daily Essentials Double Effect Make-Up Remover 125ml €4.00

Na cúig tháirge áilleachta is fearr liom faoi chúig euro

Is ar ais ag an tús atáim ar bhealach, agus an táirge deireanach ar mo liosta ceangailte go dlúth leis an gcéad táirge a roghnaigh mé. Ceann de na rudaí is fearr faoin mascára Essence thuasluaite ná go seasann sé in aghaidh uisce, agus gach eile. Mhairfeadh sé ar feadh na laethanta ar do shúile murach táirge maith agat chun an mascára a bhaint díot, mar atá sa leacht seo ó Nivea. Tá ola ann a ghlanann an mascára go héasca agus atá go maith do na fabhraí freisin. Thar a cheann sin, is féidir é a dhoirteadh go díreach ar thuáille aghaidhe agus é a úsáid sa tslí sin – cleachtas atá i bhfad níos fearr don timpeallacht ná leithéidí ceirtíní smididh.

Is féidir na táirgí seo a cheannach i siopaí, cógaslanna agus ollmhargaí ar fud na hÉireann. Athraíonn praghas na dtáirgí ó shiopa go siopa.

Níos mó