Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘is-feidir-an-meid-plaistigh-a-usaidimid-le-linn-an-mhiostraithe-a-laghdu’

‘Is féidir an méid plaistigh a úsáidimid le linn an mhíostraithe a laghdú’

| hannah ni chonghaile | ,

An timpeallacht. Táimid ar fad ag iarraidh í a shábháil. Úsáidimid na boscaí bruscair athchúrsála, bailímid bruscar ón dtrá, tugaimid íde béil dár n-aithreacha a cheapann go bhfuil sé ceart go leor plaisteach a chur sa tine, d’fhéadfainn leanúint ar aghaidh.

Is féidir linn a bheith ag argóint fén dtionchar is féidir linn a imirt ar an  éigeandáil aeráide. Caithfidh gach éinne a chuid a dhéanamh, déanfaidh gach aon rud, cuma cé chomh beag, maitheas. Nó déarfaidh duine eile nach fiú d’éinne aon rud a dhéanamh toisc go bhfuil an pláinéad á loiteadh ag comhlachtaí móra ar aon nós agus ní fhéadfaimis mar dhaoine aonaracha an éigeandáil aeráide a stopadh in am. Nó, ní hann don éigeandáil aeráide. Nó, bíonn teocht an phláinéid i gcónaí ag athrú, beimid go breá. Nó, beimid marbh sara gcífimid tionchar ár saoil ar an ndomhan agus mar sin ní cás dúinn a bheith buartha.

Is maith linn ar fad a mhothú go bhfuil an rud ceart á dhéanamh againn. A fhurasta atá sé, ‘sé is fearr é. Níl aon dabht ach go mothaímid go maith nuair a dhéanaimid an athchúrsáil i gceart, nuair a théimid ar obair ar an rothar nó ar an mbus nó de shiúl na gcos, nó nuair a cheannaimíd glasraí nach bhfuil i bplaisteach. Agus is iomaí rud beag eile is féidir linn a dhéanamh chun ár gcuid a dhéanamh chun téamh domhanda a mhoilliú síos.

Baineann rud amháin linne, a mhnáibh, agus le táirgí míostraithe go háirithe. Tá a fhios agam – ná fuil sé dona a dhóthaint go gcaithfimid seachtain gach aon mhí a chaitheamh ag cur fola agus ag fulaingt le gach aon saghas faidhbe, gan a bheith ag mothú ciontach mar gheall ar an méid plaistigh atá á chur againn sa bhruscar?

Bíonn táirgí míostraithe lán le plaisteach. Má chuimhnítear ar thampón le forchuradóir, tá an chuid is mó den diabhal rud déanta as plaisteach a théann sa bhosca bruscair chomh luath agus atá an tampón curtha isteach agat. Úsáidtear 260 milliún táirgí míostraithe sa bhliain in Éirinn. Anuas air sin, deirtear go bhfuil na gnáth-tháirgí míostraithe sin lán le tocsainí, rud ná féadfadh a bheith go maith istigh inár gcoirp.

Seo gan trácht ar an gcostas. Ta táirgí míostraithe costasach, cé go bhfuil sé deacair an costas seo a mheas de bharr difríochtaí ó áit go háit chomh maith le praghasanna brandaí difriúla. Ach fiú más ag ceannach an bhranda is saoire atá tú, d’aontódh formhór na mban a bhfuil aithne agamsa orthu gur pian sa tóin costasach é an míostrú.

Is féidir linn an méid plaistigh a úsáidimid, agus an méid airgid a chaithimid, le linn an mhíostraithe a laghdú, agus tá cúpla rogha ann na laethanta seo, idir chupáin mhíostraithe, fho-eadaí míostraithe, agus táirgí traidisiúnta de dhéantús nádúrtha.

Is féidir cupán míostraithe a cheannach ar timpeall €25 agus is iomaí ceann éagsúil atá ann, ar nós an Mooncup, an cupán AllMatters, nó an Lily Cup (a úsáideann Roz Purcell). Cé go dtógann sé tamaillín imeacht i dtaithí ar an gcupán, mholfainn féin an Mooncup go hard na spéire. Tá ceann agam le ceithre bliana agus ní raibh fadhb ar bith agam leis agus ní raibh orm táirgí míostraithe ar bith eile a cheannach ó shin!

Cuireann coincheap na gcupán isteach ar dhaoine. Munar féidir leat fiú cuimhneamh ar chupán míostraithe a úsáid ach teastaíonn uait fós an plainéad a shábháil, is féidir táirgí atá in-bhithmhillte a cheannach chomh maith. Táid ábhairín níos costasaí ná na gnáth-tháirgí míostraithe a chítear sna siopaí, ach is fiú é más féidir an t-airgead a chaitheamh. Tá sárobair sa réimse seo á déanamh ag We are Riley, comhlacht Éireannach a sholáthraíonn táirgí in-bhithmhillte, gan aon tocsain, ar bonn síntiúis.

Rud eile atá nua a dhóthaint, ar an margadh Éireannach ach go háirithe, is ea iad na fo-éadaí míostraithe. Oibríonn siad ar nós pillín sláintíoch ionsuite agus is féidir iad a fháilt ar phraghasanna éagsúla – tá costas timpeall €30 ar phéire desna fo-éadaí ó AllMatters.  nó tá costas níos ísle ar chinn ar féidir iad a fháilt ón siopa Éireannach Anniepooh (Anniepooh.ie).

Is fiú go mór na táirgí seo gan plaisteach a thriailt, ar a laghad, agus rud beag eile a dhéanamh ar son na timpeallachta (agus an sparáin!).

Níos mó