Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ceithre-mholadh-randamacha-don-leitheoir-craosach

Ceithre mholadh randamacha don léitheoir craosach

Conas atá ag éirí linn le Rúin na hAthbhliana? Domsa go pearsanta, tá an saol ag teacht salach píosa beag ar an gcéad leabhar a bheartaíos a léamh i mbliana, ach ní haon chúis ghearáin é sin, dáiríre!

D’ainneoin mo shaoil shóisialta, tá ceithre leabhar iontacha as Gaelainn léite agam le déanaí – agus má thá tú ag lorg moltaí chun bús a chur fé do chuid léitheoireachta, seo chugat iad.

Roghanna randamacha a bhí sna leabhair seo chun a bheith macánta, cé go raibh rudaí maithe cloiste agam fúthu. As an gceithre cinn, ní roghnóinn ach an chéad cheann dom féin dá mbeinn tar éis léirmheas (nó fiú cúl an leabhair) a léamh, toisc nár cheapas riamh gur thaitin an seánra sin atá sna trí chinn eile liom. Nach ormsa a bhí an t-ádh nár fhágas amach iad!


Buille Marfach Anna Heussaff (€12, Cló Iar-Chonnacht)

Is aoibhinn liom úrscéalta bleachtaireachta agus tá a fhios ag an saol go bhfuil saothar Anna Heussaff go hiontach. Nuair a tháinig mé ar chóip den leabhar seo ná raibh léite agam go fóill trí thimpiste bhíos lán sceitimíní tabhairt fé. Mar a bheifeá ag súil, scéal iontach tarraingteach lán le mistéir is ea an ceann seo agus aríst le saothar an údair seo, bhíos féin go hiomlán mícheart im’ thuairimí ar cé a bhí freagrach as an ndrochghníomh. Sin atá uait in úrscéal bleachtaireachta, agus is fiú go mór tabhairt fén gceann seo!

An Dara Rogha Celia de Fréine (€12, LeabhairCOMHAR)

Bhaineas an méid sin taitnimh as an leabhar seo go rabhas saghas maslaithe nuair a thugas fé ndeara gur dírithe ar dhéagóirí (ar dhaoine fásta chomh maith de réir dealraimh – ach fós) atá sé. Más é seo caighdeán ficsean YA na Gaelainne, tá an t-ádh ar na déagóirí. Tá an leabhar seo ar aon dul le leabhair diostóipeacha an Bhéarla, saothar leithéidí George Orwell agus Margaret Atwood, agus spreagfaidh sé an léitheoir a bheith ag cuimhneamh ar an saol, an tsochaí, agus ar cén treo ina bhfuil rudaí ag imeacht.

Bádh B’fhéidir Seán Ó Muireagáin (€14, Éabhlóid)

Cnuasach gearrscéalta ficsin ealaíochta is ea é seo, rud ná roghnóinn dom féin de ghnáth. Cuirtear cúig dhomhan dhiostóipeacha os ár gcomhair amach sna scéalta seo. Cé gur ficsean eolaíochta é, cuirtear iontas ar an léitheoir cé chomh increidte is atá na saolta seo. Nuair a bheidh cúpla leathanach den gcéad scéal, ‘An Chóir Chodlata’, curtha díot agat, beidh tú sáinnithe ann agus gheobhaidh tú lón machnaimh ná beidh tú in ann a dhearmad go ceann tamall maith. Cuirfidh an scéal ‘Aiséirí’ sceoin i gcroí an léitheora fén intleacht shaorga agus molaim go mór an ceann seo a léamh i gcómhthéacs an tsaoil mar atá sé anois. Is é ‘Fuil’ an gearrscéal is mó a thaitin liom féin, scéal fantaisíochta ach a spreagann an léitheoir chun cuimhneamh ar nádúr an duine, agus chuaigh an deireadh go háirithe go mór i bhfeidhm orm.

El Thaddeus Ó Buachalla (€10, Coiscéim)

Nach mise a bhí go sona sásta nuair a thuigeas gur sa bhfíorardchathair a bhí sé suite (sé sin i gcathair Chorcaí). Úrscéal é nach roghnóinn féin go minic, ach mar an gcéanna leis na cinn eile léite agam le déanaí, ní rabhas in ann mo shúile a bhaint den leathanach. Scéal aisteach, tarraingteach atá sa cheann seo agus é scríte go hana-éifeachtúil. Nuair a bhaintear preab as an bpríomhcharachtar, baintear preab as an léitheoir, leis, amhail is laistigh den domhan aisteach atá sinne, chomh maith. Mar a bheifí ag lorg i scéalta maithe, ní raibh clú agam cá raghadh an scéal ag an ndeireadh, ach de réir a chéile thit gach rud amach mar is ceart.


Mholfainn do gach éinne na leabhair seo thuas a léamh, pé seánra a thaitníonn leat de ghnáth. Cé nach roghnóinn cuid desna cineálacha scéalta dom féin de ghnáth, de bharr a dea-scríte is atá na leabhair seo bhíos sáinnithe iontu. Is teistiméaracht na leabhair seo ar cé chomh hard is atá caighdeán na scríbhneoireachta Gaelainne fé láthair, gan dabht!

Níos mó