Oíche Chultúir 2023: Glaoch ar Iarratais do Dheontais Thacaíochta
Oíche Chultúir 2023: Glaoch ar Iarratais do Dheontais Thacaíochta
Arts and EntertainmentOíche Chultúir 2023: Glaoch ar Iarratais do Dheontais Thacaíochta
Tá An tOireachtas, i gcomhpháirt le hOíche Chultúir, anois ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ar Oíche Chultúir 2023. Ag filleadh den ochtú bliain déag, tionólfar Oíche Chultúir Dé hAoine, 22 Meán Fómhair 2023.
Táimid ag lorg iarratais ar na téamaí seo a leanas ach níltear ag cur ealaíona eile as an áireamh ach oiread: Na Taibhealaíona Teangabhunaithe; Damhsa, Ceol; Na hAmharcealaíona; Ceardaíocht; Litríocht: Dioscúrsa; Turas; Oidhreacht & Scannán.
Pacáiste Tacaíochta:
Deontas (uasmhéid €250, ach féadfar cás a dhéanamh d’ócáidí eisceachtúla); agus
Poiblíocht ar na meáin shóisialta, náisiúnta agus áitiúla.
Spriocdháta d’iarratas: Meánlae, Dé hAoine, 16 Meitheamh 2023.
Foirm Iarratais & Tuilleadh Eolais Anseo
Leagan Béarla anseo