![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2023%2F05%2FLeagan-1.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=269f4e1e)
Saoire Siúlóide ar Shlí Cholmcille i nGaeltacht Dhún na nGall
Saoire Siúlóide ar Shlí Cholmcille i nGaeltacht Dhún na nGall
@ Gleann Cholm Cille
Sport and HealthTá pacáiste nua siúlóide i nGaeltacht Dhún na nGall oscailte anois fá choinne iarratais. Mairfidh an tsiúlóid ceithre lá, beidh an t-iomlán sa Ghaeilge, agus rachaidh sí trí cheantair áille ar Shlí Cholmcille ó Ghleann Cholm Cille ó dheas, fríd Ghartán agus Cloich Chionnaola, ag críochnú le cuairt ar Thoraigh. Séamus Ó Dubhchóin ó Walking Donegal a bheas ina threoraí, ag tabhairt traidisiún Naomh Colm Cille go beo beathach i dtír dhúchais an naoimh agus i bpobail Dhún na nGall.
Comhfhiontar atá sa phacáiste idir pleanálaithe teanga agus eagraíochtaí pobail i nGaeltacht Dhún na nGall, i bpáirt le clár Colmcille d’Fhoras na Gaeilge, agus tá aidhm aige turasóireacht a spreagadh atá fréamhaithe sa Ghaeilge agus sa phobal. Gheobhaidh cuairteoirí blaiseadh ar thraidisiúin agus oidhreacht na Gaeltachta, cuirfidh siad eolas ar áiteanna rúnda a bhaineann le hoidhreacht Cholm Cille, agus sin uilig i gcomhluadar Gaeilge. Beidh ceol agus siamsaíocht le ceoltóirí agus rinceoirí Gaeilge san oíche.
Dé hAoine 9 – Dé Luain 12 Meitheamh. €350/390 le 3 oíche B&B i dTeach Jack san áireamh, lón, bus nuair is gá. Roghanna lae ar fáil ó €20-50. Beidh siúlóidí suas le 18km sa lá ann agus is gá a bheith réasúnta aclaí. Tá spásanna teoranta agus moltar áit a chur in áirithint go luath. Le tuilleadh eolais a fháil agus le clárú cuir ríomhphost chuig sli@forasnagaeilge.ie
Tuilleadh eolais anseo.