Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
gan-aon-athru-ar-cheatadan-na-mban-ar-ainm.ie-tar-eis-ceithre-bliana

Gan aon athrú ar chéatadán na mban ar Ainm.ie tar éis ceithre bliana

| Maitiu O Coimin | ,

Níl aon athrú tagtha ar chéatadán na mbeathaisnéisí faoi mhná atá ar an suíomh beathaisnéisí Gaeilge Ainm.ie ó d’admhaigh Fiontar agus Scoil na Gaeilge go raibh “ganntanas ban” ar an mbunachar de dhaoine mór le rá i stair na Gaeilge.

Dúirt Fiontar agus Scoil na Gaeilge, an dream atá taobh thiar de Ainm.ie, in 2019 go raibh ganntanas ban ar an mbunachar ach go raibh líon na mbeathaisnéisí faoi mhná a bhí ar an suíomh “ag dul in airde, más go mall féin é.”

Cé go bhfuil ardú tagtha ar líon na mbeathaisnéisí faoi mhná ar an suíomh in imeacht na gceithre bliana ó shin fágann an t-ardú atá tagtha ar líon na mbeathaisnéisí faoi fhir nach bhfuil aon ardú suntasach tagtha ar chéatadán na mban ar Ainm.ie.

Cuireadh ceathrar ban eile leis an suíomh le deireanas  – Úna Ní Mhaoileoin (1927-1994), Máire Uí Fhlatharta (1930-2020), Cáit Ruiséal (1860-1941), agus Máire Ruiséal (1855-1949).

Tuairiscíodh ar NÓS in 2019 go raibh tuairim is 1,700 beathaisnéis ar fad ar Ainm.ie agus gur bheathaisnéis fir a bhí i gceist le 90% (1,593) acu sin. Ní raibh ach 176 beathaisnéis faoi mhná ar an suíomh an t-am sin.

Thug urlabhraí de chuid Fhiontar agus Scoil na Gaeilge le fios do NÓS go bhfuil 1,801 beathaisnéis ar an suíomh anois agus gur beathaisnéis fir atá i gceist le 89.66% de na beathaisnéisí atá ar an suíomh in 2023.

Fágann sé sin gur tháinig ardú 12 bheathaisnéis mná agus 20 beathaisnéis fir ar Ainm.ie ó bhí 2019 ann ach nach raibh ach ardú 0.44% ar chéatadán na mban ar an suíomh.

“Tá Orlaith Hickey i mbun taighde PhD faoi láthair ar dhoiciméadú na mban i mbunachar beathaisnéisí Ainm.ie agus feabhasófar ionadaíocht na mban ar Ainm.ie de réir a chéile,” a dúirt urlabhraí de chuid an tsuímh le NÓS.

Dúirt Fiontar agus Scoil na Gaeilge in 2019 gur “léir don dall” go raibh easpa ban ar Ainm.ie ach gur “fadhb aitheanta” é i gcúrsaí beathaisnéise go mbíonn “gannionadaíocht i gceist le grúpaí áirithe” i gcnuasaigh ar fud an domhain.

Cuirtear beathaisnéisí nua le Ainm.ie go tráthrialta, agus ní chuirtear cuntas ar dhaoine atá fós beo ar an suíomh. An mhí seo cuireadh seachtar eile leis an mbunachar, an ceathrar ban thuasluaite agus triúr fear: Albert Fry (1940-2021), John Heely (1759-1831), agus Liam Ó Dúlacháin (1928-2001).

Ba mhná iad 22.4% de na beathaí a scríobhadh idir 2013 agus 2019. Tá ardú tagtha ar an gcéatadán sin don tréimhse 2019-2023 – ba mhná iad 37.5% de na beathaí a scríobhadh le ceithre bliana anuas.

“Tá tionscadail éagsúla beathaisnéisí tar éis aghaidh a thabhairt ar an gceist trí thaighde breise a dhéanamh ar bheathaí a fágadh ar lár sna bunfhoilseacháin agus trí imleabhair bhreise nó forlíontáin a fhoilsiú chun cuid de na heasnaimh seo a chúiteamh a dúradh i ráiteas a d’eisigh Fiontar in 2019.

Níos mó