Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
votail-faoi-logainmneacha-gaeltachta-curtha-ar-ceal-de-bharr-aighnis

Vótáil faoi logainmneacha Gaeltachta curtha ar ceal de bharr aighnis

Cuireadh an vótáil a bhí le déanamh ar cheist na logainmneacha Gaeltachta ag cruinniú cinn bliana Shléibhteoireacht Éireann aréir ar ceal de bharr aighnis idir baill agus bord na heagraíochta.

Mhol na baill aonair Patrick Farrington, Derek Moore, agus Maitiú Ó Coimín (eagarthóir na hirise seo) rún a chuirfeadh iachall ar Shléibhteoireacht Éireann leaganacha Gaeilge de “shléibhte, cnoic, gleannta, aibhneacha, srutháin, agus gnéithe eile” a úsáid feasta.

Bhí plé teasaí ann i gceannáras Shléibhteoireacht Éireann ar Champas Spórt Éireann i mBaile Bhlainséir aréir ar an gceist agus an bord ag iarraidh go gcuirfí rún eile a raibh foclaíocht eile ann faoi bhráid bhaill na heagraíochta.

Ba é Maitiú Ó Coimín a bhí ar an láthair le labhairt ar son an rúin agus bhí an bheirt mholtóirí eile ag freastal ar an gcruinniú ar líne.

D’éirigh idir Maitiú agus bord na heagraíochta nuair a dúradh go gcaithfí vótaí ar rún eile ar an gceist sula gcaithfí aon vóta ar bhunrún an triúir. Mhaígh sé go ndeachaigh an cur chuige seo in aghaidh nósanna imeachta an chruinnithe agus gur ghá vóta a chaitheamh ar an rún a cuireadh chun cinn agus leasuithe déanta air sula gcaithfí vóta ar rún eile. Níor ghlac bord Shléibhteoireacht Éireann gur “rún nua” a bhí curtha chun cinn acu ach “rún leasaithe”.

Bhí siar agus aniar ann faoi ábhar an rúin agus faoin aighneas faoi nósanna imeachta agus vótála na heagraíochta ar feadh tuairim agus uair an chloig sular chinn cathaoirleach Shléibhteoireacht Éireann David Pollard an vótáil a chur ar ceal agus Fóram Ball a ghairm an mhí seo chugainn leis an gceist a phlé.

Dúirt Maitiú Ó Coimín go raibh “díomá” air nach bhfuair baill na heagraíochta “an deis vóta a chaitheamh ar an rún tar éis plé mór fada a bheith déanta air”.

“Rinne mé leasuithe ar an rún sula raibh an cruinniú ann agus bhí mé ag súil le plé oscailte macánta ar an gceist ag an gcruinniú agus toilteanach tuilleadh leasuithe fós a dhéanamh ar an rún dá n-éileodh na baill a bhí i láthair é. Chuir an bord a rún féin chun cinn agus theastaigh uathu go gcaithfí vóta air sin sula vótálfaí ar ár gceann-na agus níor bhraith mé go raibh sé sin ceart ná cóir.

“Rinne mé leasuithe móra ar an rún a chuir mé féin, Patrick, agus Derek chun cinn agus d’airigh mé go raibh go leor de na baill a bhí i láthair agus linn ar líne i bhfách leis an rún leasaithe ach ba léir nár theastaigh ón mbord go gcaithfí vóta air sin. Rinne an cathaoirleach an cinneadh an vóta a chur ar ceal agus ní raibh aon vóta ann sa deireadh,” a dúirt Maitiú.

Ba é an focal ‘mandate’ croí na ceiste ar an oíche. Theastaigh ón mbord go rithfí rún a raibh an fhoclaíocht ‘support…where possible’ ann in áit rún a chuirfeadh iachall orthu logainmneacha Gaeilge a úsáid sa Ghaeltacht tríd na focail ‘mandate’, ‘commit’, nó ‘promise’.

Thug David Pollard le fios dá raibh i láthair i mBaile Bhlainséir agus ar líne go reáchtálfaí Fóram Ball leis an gceist a phlé roimh dheireadh mhí an Mheithimh.

Níos mó