Muireann Nic Amhlaoibh – Aonach Mhacha
Muireann Nic Amhlaoibh – Aonach Mhacha
@ Aonach Mhacha
Arts and EntertainmentMuireann Nic Amhlaoibh
Aonach Mhacha
Dé Sathairn 27ú Bealtaine / Saturday 27th May
Doirse oscailte 19:30 / Doors open 19:30
Ticéid/Tickets: £15
Tá lúchair ar Aonach Mhacha, an mórionad cultúrtha, ealaíne agus Gaeilge in Ard Mhacha, le fáilte a chuir roimh Amhránaí na Bliana ag na RTÉ Raidió 1 Folk Awards i 2022, Muireann Nic Amhlaoibh, ar an Satharn 27ú Bealtaine 2022.
Is éacht ollmhór é seo d’ár ionad anseo in Ard Mhacha agus tá ticéid ag díol go gasta.
Is amhránaí agus ceoltóir traidisiúnta as Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí í Muireann Nic Amhlaoibh. Tá cáil uirthi mar amhránaí an sean-nós agus cannan sí amhráin ó réimse leathan eile chomh maith. Tá mórán gradam bainte amach aici, ina measc Amhránaí na Bliana ag Gradam Ceoil TG4 2011 agus Amhránaí na Bliana ag na RTÉ Radio 1 Folk Awards i 2022.
Tá Muireann Nic Amhlaoibh ag tabhairt faoi turas ar fud na hÉireann i ndiaidh di ard-mholadh a fháil ar an albam ‘Róisín ReImagined’- comhoibriú le Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann. Beidh ceoltóirí cáiliúla Gerry O’Beirne (giotár, canadh) agus Dónal O’Connor (fidil, méarchlár, canadh) ar an ardán léi fosta.