Deir ceannasaí Choimisiún na Meán go bhfiosróidh an rialálaí ar chóir stáisiún raidió nua Gaeilge a bhunú do dhaoine óga.
Agus a gcéad phlean oibre foilsithe inniu acu, gheall Cathaoirleach Feidhmiúcháin an Choimisiúin, Jeremy Godfrey, go bhféachfaí ar cheist an stáisiúin Ghaeilge.
“Tá gealltanas inár bplean oibre freisin go ndéanfaimid iniúchadh ar na féidearthachtaí i dtaca le stáisiún raidió náisiúnta nua, lena n-áirítear na féidearthachtaí maidir le stáisiún raidió Gaeilge don óige,” arsa Godfrey.
De réir an phlean oibre nua is i mí Mheán Fómhair a chuirfear na sonraí ar fáil faoin athbhreithniú atá le déanamh ar na meáin Ghaeilge ag an gCoimisiún nua.
Is é an t-iarChoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, a ceapadh ina Choimisinéir um Fhorbairt na Meán i mbliana, atá freagrach as an athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar seirbhísí Gaeilge sna meáin.
Dúradh i dtuarascáil taighde a foilsíodh níos luaithe i mbliana nach raibh “aon chinnteacht” ann go n-éireodh le seirbhís raidió nua Gaeilge a bheadh dírithe ar an aos óg ach nár ghá go mbeadh an teanga ina bac roimh sheirbhís nua.
Dúradh sa taighde a rinne Foras na Gaeilge agus an BAI, an t-údarás ar cuireadh deireadh leis chun Coimisiún na Meán a bhunú, go gcaithfeadh aon seirbhís nua i nGaeilge cur le múnla traidisiúnta an raidió.
Dúradh go léirigh torthaí an taighde go mbeadh daoine “oscailte” do choincheap an stáisiúin nua Ghaeilge do dhaoine óga agus go mbeadh “toilteanas éigin” ann “triail a bhaint” as a leithéid.
Díríonn an stáisiún Raidió Rí Rá ar chainteoirí óga Gaeilge, ach ar líne amháin a chraoltar cláracha an stáisiúin i láthair na huaire. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh le fada go mbunófaí an tseirbhís mar stáisiún náisiúnta FM.
Sa phlean oibre a d’fhoilsigh Coimisiún na Meán ar maidin leagtar amach na sprioc-amanna atá ag an rialálaí maidir leis na dualgais éagsúla atá orthu.
Tugtar eolas faoin gcur chuige a bheidh ag an gCoimisiún maidir le rialacha nua a thabhairt isteach faoi conas a chaithfidh seirbhísí agus ardáin ar líne déileáil le hábhar atá díobhálach nó mídhleathach. Tabharfar isteach rialacha nua chomh maith do chraoltóirí agus do sheirbhísí ar éileamh.
As seo go ceann roinnt míonna beidh an Coimisiún ag ullmhú dá ról maidir leis an Acht nua um Sheirbhísí Digiteacha de chuid an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.
19 gcinn d’ardáin agus innill chuardaigh “an-mhór” a thagann faoi scáth na reachtaíochta sin, agus in Éirinn atá a gceanncheathrú Eorpach ag 11 ceann acu.