Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘tiocfaidh-meath-ar-an-ngaeltacht-mura-reiteofar-fadhbanna-uisce-nios-tapa’

‘Tiocfaidh meath ar an nGaeltacht mura réiteofar fadhbanna uisce níos tapa’

Tá ráite ag Uisce Éireann go mbeidh  siad sásta oibriú leis an Rialtas chun teacht ar bhealaí chun na fadhbanna uisce atá ag cur as do cheantair Ghaeltachta a réiteach níos sciobtha.

Dúradh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo go dtiocfadh “meath” ar an nGaeltacht mura réiteofar na fadhbanna a bhaineann le soláthar uisce agus cúrsaí fuíolluisce atá ag cur as do roinnt mhaith ceantar Gaeltachta ar fud na tíre.

Dúirt na hionadaithe ó Uisce Éireann a bhí  i láthair ag an gcruinniú i dTeach Laighean go gcuirfeadh an áisíneacht fáilte roimh dheis a bheith acu obair le polaiteoirí “chun polasaithe agus straitéisí a chur le chéile le haghaidh níos mó airde a thabhairt ar cheantair Ghaeltachta a dteastaíonn cúnamh uathu”.

Dúirt Richard Ó hEadhra, Ceannasaí Réigiúnach Cumarsáide Uisce Éireann, go bhféadfaí ag “obair as lámha a chéile” leis na polaiteoirí ar pholasaithe nó “bealaí eile chun maoiniú a chur ar fáil le haghaidh na gceantar Gaeltachta”.

Mhol an Teachta Dála agus an t-iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur cheart do Roinn na Gaeltachta an t-airgead a chur ar fáil faoi bhuiséad caipitil na Roinne chun scéimeanna séarachais agus infreastruchtúr uisce eile a thógáil sna ceantair Ghaeltachta agus go bhféadfadh Uisce Éireann seilbh a ghlacadh orthu ansin.

Nuair a d’fhiafraigh an Teachta Ó Cuív d’Uisce Éireann an mbeidís sásta ceannas a thógáil ar aon ionaid a thógfaí faoina leithéid de scéim, dúirt Edmond O’Reilly, Bainisteoir um Phleanáil Sócmhainne le hUisce Éireann, go mbíonn sin ag tarlú i láthair na huaire leis an gClár Ilbhliantúil Uisce Tuaithe a riarann an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta.

“Ó thaobh an chláir sin, aon scéimeanna nua a thagann as sin, nuair a chríochnaítear iad, tá glactha leis ag Uisce Éireann ceannas a thógáil orthu. Tá an coincheap ann, nuair a mhaoinítear é, tógfaidh Uisce Éireann ceannas air chomh fada go bhfuil sé tógtha de réir chaighdeáin Uisce Éireann,” a dúirt O’Reilly.

Dúirt O’Reilly nach bhféadfadh sé a rá ar cheart do Roinn na Gaeltachta scéim maoinithe a bhunú do na ceantair Ghaeltachta ach go bhfuil an nós ann go dtógfadh Uisce Éireann ceannas ar bhonneagar a bhíonn tógtha ar chaighdeán cuí.

Dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív gur freagra “an-dearfach” a bhí sa mhéid a bhí le rá ag O’Reilly.

Dúirt an Teachta de chuid Fhianna Fáil mura gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta an maoiniú ar fáil do na bailte Gaeltachta agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an maoiniú ar fáil do na hoileáin, nach dtiocfadh feabhas ar chúrsaí “go brách” toisc go mbeadh pobail bheaga san iomaíocht le bailte níos mó.

“Fiú dá mbeadh €200 milliún sa gciste [náisiúnta], ní thiocfaí chomh fada leis na háiteanna beaga, tá sé chomh simplí leis sin…Mura ndéanfar é seo, beidh meath ar an nGaeltacht,” a dúirt sé.

Agus é ag labhairt le Tuairisc, dúirt an Teachta Ó Cuív go raibh sé chun “troid ar gach bealach gur féidir” chun a chur ina luí ar an Rialtas gurb é seo an bealach is fearr le fadhbanna uisce sa Ghaeltacht a réiteach. Dúirt sé go mbíodh a leithéid á dhéanamh cheana do chéanna agus bóithre na Gaeltachta.

Beidh an Coiste Gaeilge ag cur tuarascáil faoi bhráid na Dála bunaithe ar na cruinnithe a bhí acu ar an ábhar.

Agus é ag labhairt ag an gcruinniú, ghlac Edmond O’Reilly ó Uisce Éireann go raibh bailte Gaeltachta buailte ag easpa infheistíochta le blianta fada toisc gur lonnaíochtaí beaga a bhí ina bhformhór agus gur deacair dóibh tús áite a fháil agus iad san iomaíocht le bailte ina bhfuil daonra níos mó.

Dúirt sé gur bhunaigh Uisce Éireann clár speisialta chun freastal ar bhailte beaga ar theastaigh uasghrádú ar na córais fuíolluisce a bhí iontu ach go raibh an 13 baile Gaeltachta a bhí mar chuid den chlár fós san iomaíocht le nach mór 270 baile eile ar fud na tíre agus go dtógfadh sé “roinnt mhaith ama” tograí a chur i gcrích sna bailte ar fad.

Dúirt O’Reilly go raibh 44 lonnaíocht sa Ghaeltacht a raibh seirbhísí fuíolluisce iontu ach nach raibh na seirbhísí i 13 acusan oiriúnach dá bhfeidhm. Dúirt sé go raibh pleananna ann chun iad a uasghrádú faoin chlár thuas ach, arís, go dtógfadh sin am.

Rinneadh plé níos mine ar na fadhbanna atá ag cur as d’Oileáin Árann, don Cheathrú Rua agus do Bhéal Átha an Ghaorthaidh le linn an chruinnithe agus léargas tugtha ar an bhfanacht atá i ndán do phobail na gceantar sin sula gcuirfear tograí de chuid Uisce Éireann i gcrích iontu.

Níos mó