Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ta-smal-ar-iontaoibh-an-phobail-asainn’-–-diancheistiu-deanta-ar-rte-i-dteach-laighean

‘Tá smál ar iontaoibh an phobail asainn’ – diancheistiú déanta ar RTÉ i dTeach Laighean

| tuairisc | , ,

Deineadh diancheistiú i dTeach Laighean tráthnóna ar dhaoine sinsearacha ó RTÉ faoi chonspóid na n-íocaíochtaí rúnda a fuair an craoltóir aitheanta Ryan Tubridy.

Léirigh polaiteoirí ag an gcruinniú de choiste Oireachtais na meán amhras agus fearg faoi chuid de na freagraí ó lucht RTÉ. Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Niamh Smyth, Fianna Fáil, go raibh cuid de na freagraí sin “an-aisteach go deo”.

Ghabh Cathaoirleach Bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh leithscéal faoin “bhfeall millteanach seo ar iontaoibh an phobail” agus dúirt sí gur léir nach raibh “an bord feidhmiúcháin ag feidhmiú mar ba chóir do bhord feidhmiúcháin a bheith ag obair”.

Dúirt sí go raibh feidhmeannaigh ag obair beag beann ar a chéile agus gur scaip laige an bhoird feidhmiúcháin “ón mbarr anuas” ar fud na heagraíochta.

“Níl sé ceart. Ní maith é,” a dúirt sí.

Dúirt an Cathaoirleach gur cuireadh eolas nach raibh fíor ar fáil don Choiste seo agus do dhaoine eile roimhe seo.

“Feall ar iontaoibh asaibhse a bhí ansin, ionadaithe tofa an Oireachtais, agus gabhaimid ár leithscéal ó chroí libh mar gheall air.

“Tá an pobal, foireann RTÉ agus ionadaithe poiblí gonta agus fearg orthu.  Tuigimid go bhfuil smál ar iontaoibh an phobail asainn. Tá a fhios againn go bhfuil an iontaoibh sin luachmhar agus gur deacair í a fháil ar ais nuair a dhéantar í a threascairt.

“De réir a chéile déanfaimid ár ndícheall an iontaoibh sin a chothú arís. Ní loicfimid ón dúshlán sin.”

Shíl go leor de bhaill an Choiste go raibh RTÉ ag iarraidh ceap milleáin a dhéanamh de Dee Forbes, iar-ardstiúrthóir an chraoltóra a d’éirigh as an tseachtain seo caite i bhfianaise an scannail.

Ba bheag iontaoibh a bhí ag baill an choiste as leagan RTÉ den scéal, go háirithe an maíomh gurb í Dee Forbes an t-aon bhall d’fheidhmeannas RTÉ a raibh dóthain eolais aici le go mbeadh a fhios aici go raibh na sonraí faoi phá Ryan Tubridy a tuairiscíodh go poiblí míchruinn. 

Ní raibh Forbes i láthair ag an gcruinniú tráthnóna toisc go raibh sí tinn.

Dúirt an Teachta Dála Imelda Munster, Sinn Féin, gur “teip iomlán maidir le rialachas corparáideach” a tharla in RTÉ agus go raibh an mhuinín iontu “imithe go tóin poill”.

“Sílimse go bhfuil sé soiléir nach le Dee Forbes amháin a bhaineann sé seo,” a dúirt Munster.

Geraldine O’Leary, Ceannasaí Tráchtála RTÉ

Dheimhnigh Siún Ní Raghallaigh, Cathaoirleach RTÉ, gur iarr sí ar Dee Forbes éirí as a post ar an Aoine, an 16 Meitheamh.

Dúirt Siún Ní Raghallaigh go ndearna sí sin ar chomhairle Choiste um Iniúchóireacht agus Measúnú Riosca bhord RTÉ tar éis dóibh athbhreithniú Grant a fheiceáil.

D’fhiafraigh an Teachta Brendan Griffin, Fine Gael, cén fáth ar glacadh leis go n-éireodh Dee Forbes as a cuid oibre d’ainneoin a thábhachtaí a bhí sí le go bhféadfaí fios fátha na tubaiste seo in RTÉ a fháil amach.

D’fhiafraigh an Teachta Brendan Griffin, Fine Gael, cén fáth ar glacadh leis go n-éireodh Dee Forbes as a cuid oibre d’ainneoin a thábhachtaí a bhí sí le go bhféadfaí fios fátha na tubaiste seo in RTÉ a fháil amach.

Dúirt Geraldine O’Leary, Ceannasaí Tráchtála RTÉ, nach raibh aon bhaint aici féin leis an margadh seo a shocrú. D’admhaigh sí go raibh sí páirteach sna cainteanna agus athstruchtúrú an mhargaidh le Renault á phlé ina dhiaidh sin.

Dúirt sí gur chuir an tArdstiúrthóir in iúl di go rabhthas “faoi bhrú” an íocaíocht €75,000 sa mbliain a íoc le Ryan Tubridy agus labhairt le Noel Kelly Management faoina íoc. Dúirt sí nach raibh a fhios aici féin go raibh an t-airgead sin frithgheallta ag RTÉ.

D’fhoilsigh RTÉ chomh maith tuarascáil a rinne an comhlacht Grant Thornton ina raibh ceisteanna faoi íocaíochtaí €150,000 a deineadh le Tubridy anuraidh. Tá ceisteanna sa tuarascáil faoi cén fáth go ndúradh gur ‘táillí comhairleoireachta” a bhí sna híocaíochtaí nuair nach comhairleoir é Ryan Tubridy agus cén fáth nach raibh a ainm luaite leis na híocaíochtaí.

Dúirt Geraldine O’Leary nach cuimhin léi na cúinsí faoinar eisíodh na sonraisc i leith “táillí comhairleoireachta”.

Dúirt sí gurbh í an t-iar-ardstiúrthóir Dee Forbes a rinne an cinneadh an cuntas babhtála a úsáid chun íocaíochtaí a bhain le Ryan Tubridy a dhéanamh.

Mar fhreagra ar cheist ón Seanadóir Micheál Carrigy, dúirt sí, chomh fada agus ab eol di nár tháinig aon “mhargadh tallainne” eile faoi bhráid na rannóige tráchtála roimh an margadh trípháirteach a bhain le Ryan Tubridy agus páirtí tráchtála.

Fiafraíodh de Richard Collins, Príomhoifigeach Airgeadais RTÉ, cén fáth nár cheistigh sé íocaíocht Tubridy a bheith folaithe mar “tháillí comhairleoireachta”. Dúirt seisean nach raibh a fhios aige céard lena aghaidh iad agus nach raibh aon smacht aigesean ar an gcuntas babhtála. Chuir sin ionadh an domhain ar an Teachta Imelda Munster agus dúirt sí “A, éirigh as.”

Dúirt Siún Ní Raghallaigh, Cathaoirleach RTÉ, gur cuireadh Dee Forbes ar fionraí go dtí go mbeadh próiseas smachta thart agus toisc gur éirigh sí a post ar fad ina dhiaidh sin nach raibh aon teacht uirthi chun ceisteanna a fhreagairt.

Adrian Lynch, Ardstiúrthóir Eatramhach RTÉ

Dúirt Adrian Lynch, an tArdstiúrthóir Eatramhach, nár cheart beag ná mór go ndéanfadh RTÉ frithghealladh ar íocaíochtaí tráchtála do Ryan Tubridy agus gur dá bharr sin a foilsíodh figiúirí míchruinne dá tháillí.

Nuair a tharraing an t-urraitheoir amach as an margadh, ba chóir do RTÉ tuilleamh Ryan Tubridy “a fhógairt”.

Dúirt Lynch go dtéann ar tharla “glan in aghaidh” na luachanna a bhaineann le meán seirbhíse poiblí.

“Tá náire an domhain ormsa mar chomhalta boird,” a dúirt sé. Dúirt sé gur rialachas corparáideach an cheist atá ann seachas ceist eagarthóireachta.

Dúirt Lynch go raibh baill an fheidhmeannais ag obair mar a bheadh gach duine acu i “silo”.

“Tá sé soiléir go bhfuil go leor droch-chleachtais ann,” ar sé.

Dúirt Richard Collins, Príomhoifigeach Airgeadais RTÉ, go raibh Ryan Tubridy i dteideal bónas dílseachta €120,000 ach a dtiocfadh deireadh lena chonradh. “Níor íocadh an bónas sin riamh,” a dúirt Collins. “Ar chúis éigin nach dtuigim cuireadh an €120,000 sin chun sochair a thuarastail idir 2017 agus 2019. Tá an scéal sin á fhiosrú faoi láthair.

“Níor chuir mise m’ainm leis [an socrú].”

Dúirt sé gur chuir an tArdstiúrthóir agus an Príomhoifigeach Airgeadais a n-ainm leis.

Richard Collins, Príomhoifigeach Airgeadais RTÉ

Dúirt Richard Collins gurbh údar “sóláis” dó gur cheadaigh an t-ardstiúrthóir Dee Forbes na socruithe a rinneadh le Ryan Tubridy.

Go gairid ina dhiaidh sin, dúirt Cathaoirleach an Bhoird, Siún Ní Raghallaigh go mb’fhéidir gur chuid den fhadhb an dearcadh sin. “Glacaim leis go bhfuil fadhb againn le cultúr ar leith laistigh den eagraíocht – cultúr atá ann ina nglactar leis ‘bhuel, tá sin ceadaithe ag an Ardstiúrthóir agus mar sin ní phléifimid é’.”

Dhiúltaigh Adrian Lynch, an tArdstiúrthóir Eatramhach, a rá cé acu an bhfillfeadh nó nach bhfillfeadh Ryan Tubridy ar an aer mar láithreoir de chuid RTÉ. “Ní féidir leis a bheith ar an aer faoi láthair ar chúinsí eagarthóireachta,” a dúirt sé.

Dúirt an tArdstiúrthóir Eatramhach nach raibh a fhios ag  Ryan Tubridy i Márta na bliana seo go raibh aon amhras ann faoin struchtúr pá a bhí aige, tráth ar labhair sé le Jim Jennings,  an stiúrthóir ábhar, faoi bheith ag éirí as an Late Late Show.

Dúirt an Seanadóir Marie Sherlock, Lucht Oibre, go raibh “ceisteanna tromchúiseacha” ann faoin gcaoi a gcaitheann RTÉ le “formhór mór a chuid oibrithe – i gcomparáid leis an líon beag a shaothraíonn airgead an-mhór”.

Dúirt an Seanadóir Micheál Carrigy, Fine Gael, go raibh daoine ag teacht isteach chuige féin san oifig phoist atá aige ag fiafraí de cé acu ba cheart dóibh táille an cheadúnais a sheoladh “ar Revolut chuig Ryan nó Renault”.

An cheist a bhí ag an Seanadóir Shane Cassells, Fianna Fáil: “Conas a lig sibh d’fhear amháin agus a ghníomhaire éirí níos mó ná RTÉ?” Dúirt sé gur chuir “an fear seo agus a ghníomhaire” cáil RTÉ i mbaol agus d’fhiafraigh “arbh fhiú é?”.

Cruinniú de Choiste na meán i dTithe an Oireachtais

Dúirt an Teachta Neamhspleách Mattie McGrath go raibh RTÉ ag iarraidh maoiniú breise fad a bhí stáisiúin “iontacha” níos lú ar nós TG4 á “mbascadh” acu.

I láthair ag an gcruinniú inniu, bhí Cathaoirleach Bhord RTÉ agus iarchathaoirleach TG4, Siún Ní Raghallaigh, an tArdstiúrthóir eatramhach Adrian Lynch, Geraldine O’Leary, stiúrthóir tráchtála, Richard Collins, príomhoifigeach airgeadais agus Rory Coveney, stiúrthóir straitéise.

D’fhoilsigh RTÉ ráiteas naoi leathanach inné faoi íocaíochtaí rúnda, arb fhiú €225,000 san iomlán iad,  a deineadh le Tubridy idir 2020-2022. Ní raibh aon rud sa ráiteas faoi íocaíochtaí faoi cheilt €120,000 a deineadh idir 2017-2019.

Tá dochar mór déanta do cháil RTÉ ag na dearbhuithe pá míchruinne agus aghaidh á tabhairt ag an gcraoltóir ar stoirm pholaitiúil tráth a raibh dóchas ann go bhféadfaí teacht ar shocrú nua faoi mhaoiniú na craoltóireachta seirbhíse poiblí.

Níos mó