Ceardlann scríbhneoireachta
Ceardlann scríbhneoireachta
ClassSaothair nuascríofa bunaithe ar an dinnseanchas
Tá sé i gceist ag an bhFéile Idirnáisiúnta Litríochta CÚIRT i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, ceardlann a eagrú trí Zoom do scríbhneoirí Gaeilge ar an Luan 31 Iúil, 2023, óna 19.00-22.00.
An téama a bheidh ag an gceardlann ná 'Saothair Nuascríofa Bunaithe ar an Dinnseanchas'.
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí Gaeilge ar mhaith leo a bheith páirteach sa gceardlann saothar dá gcuid (dán nó dhó nó píosa próis – ficsean nó aiste – gan dul thar 5 leathanach) a bhaineann le gné éigin den dinnseanchas a sheoladh chuig moccic22@outlook.com ROIMH an Luan 24 Iúil 2023.
Beidh spás do sheisear ar an gceardlann.
Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú.
Níl aon táille le n-íoc as freastal ar an gceardlann seo.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann.