Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ta-muinin-an-phobail-scriosta,-caithfear-i-a-fhail-ar-ais’-–-athbhreithniu-ar-rte-fogartha

‘Tá muinín an phobail scriosta, caithfear í a fháil ar ais’ – athbhreithniú ar RTÉ fógartha

| tuairisc | , ,

Tá glactha ag an Rialtas le téarmaí tagartha an athbhreithnithe sheachtraigh ar RTÉ.

Agus leagan amach an athbhreithnithe á fhógairt aici, dúirt Aire na Meán agus na Gaeltachta Catherine Martin go raibh muinín an phobail in RTÉ “scriosta” ag scannal na n-íocaíochtaí ceilte.

Déanfar dhá ghné a scrúdú sa chéad chuid den athbhreithniú ar an gcraoltóir seirbhíse poiblí – an cultúr agus struchtúr rialachais in RTÉ.

Sa dara cuid den athbhreithniú déanfar scagadh ar tháillí conraitheoirí, acmhainní daonna agus ‘nithe eile’.

Déanfaidh dhá fhoireann éagsúla triúir scrúdú ar an dá ghné agus iad ar fad ag tabhairt faoin athbhreithniú ag an am céanna.

Sé mhí a thógfaidh an t-athbhreithniú.

Tabharfaidh an rialtas údarás do mheasúnóir neamhspleách freisin iniúchadh fóiréinseach a dhéanamh ar thaifid airgeadais RTÉ le blianta.

Tugadh faoin na bearta seo den chéad uair riamh de bharr eolas a tháinig amach faoi luach €345,000 d’íocaíochtaí éagsúla a rinneadh leis an láithreoir Ryan Tubridy ar feadh cúpla bliain ach ar ceileadh eolas fúthu sna cuntais.

Dúirt an tAire Catherine Martin gur “masla” a bhí sa chonspóid do “gach rud a bhfuil an chraoltóireacht seirbhíse poiblí “in ainm is a bheith ag seasamh ar a son”.

Ní fhéadfaí an mhuinín sin a chothú athuair “ach amháin má bhíonn leas an phobail in uachtar ar leas an duine aonair” sa chraoltóir seirbhíse poiblí.

“Nuair nár chloígh siad leis na caighdeáin atá riachtanach do chraoltóir seirbhíse poiblí, chaill RTÉ muinín na ndaoine agus muinín a bhfoirne féin. Is orainne mar Rialtais atá sé an mhuinín sin a fhorbairt arís.

“Tá an chraoltóireacht seirbhíse poiblí i bhfad róthábhachtach dár ndaonlathas, dár gcultúr agus dár sochaí, agus mar sin tá RTÉ róthábhachtach le go gclisfeadh air. Caithfear an mhuinín a thabhairt ar ais.”

Tá beirt den triúr a bheidh ar an gcoiste comhairleoireachta a bheidh i bhfeighil an athbhreithnithe faoi chultúr agus rialachas ainmnithe an tOllamh Professor Niamh Brennan, a bheidh ina cathaoirleach, agus an Dr Margaret Cullen.

Ainmneofar an tríú duine sna laethanta amach romhainn.

Déanfaidh Brendan McGinty, Patricia King, agus an tríú duine atá fós le hainmniú maoirseacht ar an athbhreithniú ar tháillí conraitheoirí, acmhainní daonna agus ‘nithe eile’.

Dúirt Catherine Martin go gcaithfeadh RTÉ “na luachanna agus na hidéil ar a bunaíodh é” a thabhairt ar ais.

“Ní féidir é seo a bhaint amach ach trí iniúchadh fairsing cuimsitheach ar na bunchúiseanna a bhí leis na teipeanna in RTÉ, iniúchadh a leagann amach bealach chun a chinntiú nach dtarlaíonn siad arís.”

Tá sé i gceist ag an Aire buaileadh Dé hAoine  leis an Ard-Stiúrthóir nuacheaptha, Kevin Bakhurst, agus le Cathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh,  chun plé a dhéanamh ar chomhoibriú RTÉ leis an athbhreithniú.

Dúirt Catherine Martin go raibh sé tábhachtach nach ndéanfaí dearmad ar an tábhacht a bhaineann le seirbhís craoltóireacht seirbhíse poiblí.

“Is é is aidhm leis an athbhreithniú seachtrach muinín an phobail agus na foirne a chothú arís agus a chinntiú go bhfaighimid na freagraí atá ag teastáil,” ar sí.

Ba cheart dom a rá fosta, mar go bhfuil Coistí Oireachtais i mbun a mbreithnithe féin, go ndéanfaidh mé, más gá, leathnú ar théarmaí tagartha an iniúchta chun nochtaí ar bith eile ó na Coistí sin nó ó thuairiscí de chuid Grant Thornton a thabhairt san áireamh.

Dúradh le bainisteoirí sinsearacha in RTÉ inniu go gcaithfidís sonraí a chur ar fáil de na hócáidí ar fad le trí bliana ar iarr duine den fhoireann nó conraitheoir cead chun imeachtaí seachtracha a dhéanamh, leithéidí gníomhaíochtaí tráchtála nó imeachtaí carthanachta.

Beidh feidhmeannaigh shinsearacha RTÉ agus comhaltaí boird an stáisiúin ar ais os comhair Choiste Oireachtais na Meán den dara huair amárach. Measadh coitianta gur theip ar na feidhmeannaigh sin freagraí sásúla a thabhairt ar cheisteanna faoin gconspóid an tseachtain seo caite.

Beidh freagraí níos soiléire á n-éileamh ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí amárach faoi cén chaoi agus cén fáth gur cliseadh chomh dona sin ionracas airgeadais a chinntiú sa stáisiún ar feadh roinnt blianta.

Ar na feidhmeannaigh a bheidh i láthair ag an gcruinniú Coiste amárach beidh an tArdstiúrthóir Eatramhach,  Adrian Lynch, an Príomhoifigeach Airgeadais Richard Collins, an Stiúrthóir Tráchtála, Geraldine O’Leary, agus an Stiúrtóir Straitéise, Rory Coveney.

Deimhníodh chomh maith go mbeidh beirt de chomhaltaí boird RTÉ i lathair, an Cathaoirleach Siún Ní Raghallaigh agus an t-ionadaí foirne, Robert Shortt.

Tugadh cuireadh chomh maith d’iar-Ardstiúrthóir Noel Curran, iarPhríomhoifigeach Airgeadais Breda O’Keeffe agus iarChathaoirleach ar an mBord, Moya Doherty.

Níos mó