Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-feile-na-gealai-agus-ceithre-imeacht-eile

Féile na Gealaí agus ceithre imeacht eile

Féile na Gealaí, Ráth Chairn 14-16 Meitheamh ‘19

Tá an t-am sin sa samhradh buailte linn arís, agus oilithreacht bhliantúil go Ráth Chairn na Mí ag teannadh linn, do cheann des na féilte is mó a mbím ag súil leo ó thús na bliana! Táim ag leanúint an mheitheal oibre ar na meáin shóisialta le tamall anuas agus iad ag prapáil do dheireadh seachtaine Fhéile na Gealaí. Tá siad i mbun péinteála; tá ceoltóirí á ndeimhniú acu; agus blaiseadh á thabhairt acu dúinn don mbia breá a bheidh le blaiseadh thíos ann! 

Tá sé ar nós a bheith mar chuid den bhfoireann agus go deimhin an próiseas, agus moladh tuillte acu as sinn a thabhairt ar an réamhthuras áirithe sin. Tá moladh ag dul don lucht eagraithe chomh maith, as na gnéithe nua agus breis imeachtaí atá beartaithe acu i mbliana. Rave Bricfeasta le Disco Anocht, Scóráil Sciobtha, Lá Teaghlaigh agus fiú láthair speisialta campála dóibh siúd a bheidh ag tabhairt a gcuid páistí leo. Gan trácht ar an gceol agus siamsaíocht a bheidh i gclub na háite, An Bradán Feasa. Cífidh mé ann sibh – níl an aimsir geallta go rómhaith dála an scéil – beir libh na buataisí!

Seoladh albam nua Threasa Ní Mhiolláin, Lán Mara, Club an Ghóilín, Club na Múinteoirí, Cearnóg Pharnell 14 Meitheamh @ 21:00

Anocht a sheolfar albam nua dúbailte an cheoltóra Treasa Ní Mhiolláin, san Ardchathair. Lán Mara an teideal air, agus tá meascán d’amhráin i mBéarla agus i nGaeilge air. Tá tionlacan ceoil le clos ar chuid de na rianta ó Shaileog Ní Cheannabháin, Diarmaid Ó hAlmhain, Freda Nic Giolla Chatháin, Neil Ó Lochlainn, Locko Cullen, agus Deirdre Ní Chonghaile.  

Ba é an ceoltóir agus léiritheoir Jack Talty a dhein cuid den taifead, i gceann de na séipéil is sine in Éirinn, Séipéal Eochla in Árainn; láthair speisialta. 

Is ar láthair eile speisialta, Club na Múinteoirí ar Chearnóg Parnell a bheidh Treasa anocht nuair a sheolfaidh Cathal Goan a saothar go hoifigiúil. Táim cinnte go mbeidh cúpla amhrán le clos uaithi féin agus iad siúd a bheidh i láthair tar éis an tseolta!

Comhghairdeas ó chroí léi ar an albam seo, 30 bliain ó d’eisigh sí a chéad albam aonair, An Clochar Bán, siar sa bhliain 1989. Seolfar é chomh maith i rith na míosa seo chugainn ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i gContae an Chláir – bí ag faire ar an leathanach seo do na sonraí ar fad!

‘Ealaín Fiáin, Dúisigh do Dhúchas’, An Ghráig, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí, 14-16 Meitheamh 2019

Ta teacht le chéile suimiúil beartaithe don deireadh seachtaine ar an nGráig, ar leithinis Chorca Dhuibhne. Beidh deis ag rannpháirtithe iad féin a thumadh go hiomlán i nithe a bhaineann lenár gcultúr agus leis an spioradáltacht ar an nDíseart Gaelach seo, ar a dtugtar Ealaín Fiáin. Spreagfar iad siúd a bheidh i láthair chun a gcuid cruthaitheachta a mhúscailt trí mheán na Gaeilge.

Is í an scríbhneoir, taibhealaíontóir agus gníomhaí Siobhán de Paor atá ar dhuine do lucht eagraithe na hócáide seo, mar aon leis an luibheolaí Cearbhuil Ní Fhionnghusa agus Diarmuid Lyng, tráchtaire spóirt, cainteoir spreagúil agus iar-iománaí de chuid Loch Garman.

€250 an costas don deireadh seachtaine le lóistín (suanlios) agus béilí (le bia orgánach agus atá oiriúnach dóibh siúd nach n-itheann feoil) san áireamh.

Arcanadh, Ionad na gCuairteoirí, An Fál Carrach, Dé hAoine 14 Meitheamh @ 20:00

Is breá an ceol atá ag an mbanna Arcanadh agus beidh deis acu siúd a bheidh i nDún na nGall an Aoine seo, iad a fheiscint i mbun a gceirde. Meascán do cheol traidisiúnta, bluegrass agus ceol dúchasach a d’fhéadfá a thabhairt ar stíleanna ceoil an ghrúpa seo atá tar éis a bheith ag seinnt le chéile le fada, in Éirinn agus timpeall an domhain mhóir. Sinéad Gibson agus a fear céile Colm Breathnach atá sa bhanna, mar aon leis an deartháir agus deirfiúr, Martin agus Mags Gallen, Maria Corbet agus Fiona Walsh.

Róisín Elsafty, Ronan Browne agus Siobhán Armstrong, Tigh Farmleigh, BÁC, Dé Sathairn 15 Iúil @ 15:00

Róisín Elsafty, Ronan Browne agus Siobhán Armstrong an triúr a bheidh le clos i dTigh álainn Farmleigh ar thailte Pháirc an Fhionnuisce, an Satharn seo. Is i lár an lae a bheidh an choirm seo ar bun, óna trí a chlog, agus ticéid ar fáil ach gliogáil ar an nasc Eventbrite seo. Gach rath orthu!

Níos mó