Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ardstiurthoir-nua-rte-le-cuairt-a-thabhairt-ar-raidio-na-gaeltachta-agus-tg4

Ardstiúrthóir nua RTÉ le cuairt a thabhairt ar Raidió na Gaeltachta agus TG4

| Tuairisc.ie | ,

Tá sé i gceist ag ardstiúrthóir nua RTÉ cuairt a thabhairt ar Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4 an tseachtain seo chugainn.

Casfaidh sé chomh maith le lucht TG4 agus é ar cuairt ar cheannáras an stáisiúin i nGaeltacht Chonamara.

Chuir Aire na Meán Catherine Martin fáilte roimh an scéala go mbeadh Bakhurst ag bualadh le lucht na craoltóireachta Gaeilge.

Tabharfaidh ceannasaí nua RTÉ cuairt ar oibrithe RTÉ sa Ghaeltacht mar chuid dá iarracht muinín fhoireann RTÉ a fháil ar ais.

Mar a tuairiscíodh cheana, tá craoltóirí na Gaeilge ar buile faoi chonspóid na n-íocaíochtaí rúnda breise a rinne RTÉ le Ryan Tubridy.

Tá fearg mhór ar bhaill foirne go leor a shíleann go bhfuil feall ar iontaoibh déanta ag RTÉ orthu tráth a bhfuil ciorruithe i réim i Nuacht TG4 agus comhionannas pá á shéanadh ar oibrithe RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Meastar go bpléifear an dá cheist sin leis an ardstiúrthóir an tseachtain seo chugainn. D’fhéadfadh go bpléifí le lucht TG4 moladh an rialtais go mbeadh TG4 neamhspleách ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta.

Ghlac an Rialtas an samhradh seo caite le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana, ach ní cosúil go bhfuil mórán dul chun cinn déanta ó shin sa phlé faoin moladh sin.

Beidh lucht iriseoireacht na Gaeilge ag súil gur cara sa chúirt in RTÉ a bheidh sa Sasanach ar measadh é a bheith báúil le cás chraoltóireacht na Gaeilge nuair a bhí sé ina cheannasaí nuachta sa stáisiún idir 2012-2016.

Le linn a thréimhse ceithre bliana le RTÉ, bhí caidreamh maith ag Bakhurst le roinnt mhaith d’iriseoirí agus de lucht bainistíochta Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ba mhinic é ar cuairt sa dá stáisiún. Chaith sé cuid mhaith ama ó dheas i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, go háirithe.

D’fhógair Kevin Bakhurst inniu go raibh feidhmeannas RTÉ scortha aige agus d’ainmnigh sé foireann ceannaireachta eatramhach.

Ceathrar ball den fheidhmeannas atá ag imeacht uaidh, Richard Collins, príomhoifigeach airgeadais, Jim Jennings, an ceannasaí ábhair, Rory Coveney, ceannasaí straitéise, agus Geraldine O’Leary, ceannasaí tráchtála.

D’fhógair Rory Coveney aréir go raibh sé ag éirí as RTÉ ar fad agus d’fhógair Geraldine O’Leary inniu go raibh sí ag dul ar scor luath.

Is iad baill na foirne eatramhaí; Kevin Bakhurst, Ard-Stiúrthóir,; Eimear Cusack, Stiúrthóir Acmhainní Donna; Vivienne Flood, Ceannasaí Gnóthaí Poiblí; Mike Fives, Grúpcheannasaí Airgeadais: Adrian Lynch, Leas-Stiúrthóir Gníomhach agus Stiúrthóir Lucht Féachana, Cainéal agus Margaíochta; Paula Mullooly, Stiúrthóir Dlí; Deirdre McCarthy, Stiúrthóir Nuachta agus Cúrsaí Reatha; Niamh O’Connor, Leas-Stiúrthóir Ábhair; Conor Mullen, Ceannasaí Straitéise agus Comhlíonadh Tráchtála agus Díolachán Meán RTÉ; agus Richard Waghorn, Stiúrthóir Oibríochtaí agus Teicneolaíochta.

Chuir Aire na Meán Catherine Martin fáilte roimh na pleananna nua a d’fhógair Kevin Bakhurst le dul i ngleic leis an ngéarchéim ina bhfuil RTÉ sáinnithe le breis is coicís.

Dúirt sí gurb iad seo “na chéad chéimeanna chun cuidiú le muinín an phobail in RTÉ a thabhairt ar ais”.

“Bhí an ceart aige na baill foirne a chur ar an eolas faoina phleananna ar maidin, mar a chéad ghníomh. Tugaim faoi deara go háirithe a mholtaí maidir le grúpa comhairliúcháin foirne agus suirbhé fostaithe agus go bhfuil athbhreithniú beartaithe aige ar róil agus gráid, pá, agus comhionannas inscne.

“Mar an craoltóir náisiúnta, a bhfuil an ceart acu dúshlán institiúidí eile a thabhairt, caithfidh RTÉ a bheith chun tosaigh i dtéarmaí comhionannais agus ionchuimsitheacha.

“Tosaíonn muinín in RTÉ lena fhoireann agus a Bhord féin. Agus as sin is féidir leis tús a chur le muinín a chothú leis an Oireachtas, lena lucht féachana, leis an earnáil léiriúcháin neamhspleách agus leis an phobal i gcoitinne.”

Níos mó