Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
la-cinniunach-diancheistiuchain-roimh-ryan-tubridy

Lá cinniúnach diancheistiúcháin roimh Ryan Tubridy

| Tuairisc.ie | ,

Beidh Ryan Tubridy agus a ghníomhaire Noel Kelly á gceistiú ag coistí Oireachtais i dTeach Laighean inniu faoi na híocaíochtaí breise a íocadh go rúnda leis an láithreoir.

Beidh siad beirt os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí agus Choiste na Meán agus meastar go bhféadfadh na cruinnithe sin seasamh suas le sé huaire an chloig.

Meastar go mbeidh an-suim go deo gcur i láthair an láithreora aitheanta agus dúirt Cumann na dTábhairneoirí go raibh rún ag “roinnt’ tithe ósta sa bpríomhchathair an craoladh de chruinniú na gcoistí inniu a thaispeáint ina n-óstaí.

Tá sé ráite ag cathaoirleach Choiste na Meán, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Niamh Smyth, go dteastaíonn uaithi a fháil amach cé aige a bhí an “smaoineamh” socrú trípháirtí a dhéanamh idir Renault, RTÉ agus Ryan Tubridy.

Meastar go gcuirfear an-bhéim inniu ar na híocaíochtaí faoi rún a rinneadh le Tubridy idir 2017 agus 2019.

Ghabh Tubridy a leithscéal an mhí seo caite toisc nár cheistigh sé na sonraí míchruinne faoina thuarastal a d’fhoilsigh RTÉ.

Lá cinniúnach é an lá inniu do RTÉ ar baineadh croitheadh as ó tháinig sé chun solais go ndearnadh íocaíochtaí faoi cheilt le Ryan Tubridy, gur caitheadh lear mór airgid ar fháilteachas corparáideach agus gur chaill RTÉ €2.2 milliún ar an gceoldráma Toy Show -The Musical, ar theip air lucht féachana a mhealladh.

Lá cinniúnach é an lá inniu freisin i saol gairmiúil Tubridy, an craoltóir is mó a thuilleann íocaíocht ó RTÉ ach atá á choinneáil den aer ag an stáisiún ó thosaigh an chonspóid seo.

Idir 2017 agus 2022 íocadh €345,000 faoi cheilt leis an láithreoir raidió agus teilifíse.

Beidh a gcuid dlíodóirí i dteannta Ryan Tubridy agus Noel Kelly ag cruinnithe an lae inniu.

Cé gur féidir le Tubridy a mhaíomh gurbh é gnó RTÉ tuairisc chruinn cheart a thabhairt ar a thuarastal, beidh polaiteoirí ag iarraidh a fháil amach cé acu an raibh nó nach raibh an láithreoir ar an eolas faoi na margaí rúnda a rinneadh agus faoi ról a ghníomhaire sna margaí sin.

Thairg Kelly agus Tubridy “cuidiú” do na coistí Oireachtais lena gcuid fiosrúchán faoi cheilt na n-íocaíochtaí agus gheall siad go gcuirfidís comhad de na cáipéisí ábhartha ar fáil dóibh.

Gabh Tubridy leithscéal toisc gur loic sé aon cheist a chur nuair a foilsíodh tuairisc mhíchruinn ar a chuid íocaíochtaí ó RTÉ.

“Níor chuir mé aon cheist agus is ormsa an locht faoin teip sin. Gabhaim leithscéal ó chroí faoi sin,” a dúirt sé.

Dúirt an láithreoir freisin go raibh an-díomá air gur chinn an craoltóir ar bhonn eagarthóireachta nach mbeadh seisean i mbun a chlár raidió i lár na conspóide seo. Dúirt sé go raibh sé ar bís filleadh ar an gclár sin chomh luath in Éirinn agus is féidir leis.

Tá dhá athbhreithniú ar an gcraoltóir náisiúnta fógartha ag an Rialtas freisin.

D’fhógair an tArdstiúrthóir nua ar RTÉ, Kevin Bakhurst scor bhord feidhmiúcháin an chraoltóra inné agus d’ainmnigh sé foireann ceannaireachta eatramhach. D’fhógair sé mbunófar clár leasanna d’fhoireann agus conraitheoirí RTÉ.

Dúirt Bakhurst ina theachtaireacht chun na foirne gur chuir an chonspóid seo agus an tionchar atá aige ar iontaoibh an phobail in RTÉ agus ina fhoireann uafás air.

Tá sé i gceist ag ardstiúrthóir nua RTÉ cuairt a thabhairt ar Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4 an tseachtain seo chugainn.

Casfaidh sé chomh maith le lucht TG4 agus é ar cuairt ar cheannáras an stáisiúin i nGaeltacht Chonamara.

Níos mó