“Onóir mhór” agus “cúis áthais” dó, a deir Séamas Ó Concheanainn, go bhfuil sé molta ag an rialtas do phost an Choimisinéara Teanga.
D’fhógair an rialtas inné gurb é Ó Concheanainn, atá ina stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga i láthair na huaire, atá roghnaithe ag an rialtas chun an folúntas mar choimisinéir a líonadh.
I ráiteas a chuir Ó Concheanainn ar fáil do Tuairisc, dúirt sé gur go raibh sé ag “súil go mór” lena “fhís agus a thosaíochtaí a roinnt le pobal na teanga nuair a bheadh sé ceaptha sa phost go hoifigiúil”.
“Is mór an onóir agus cúis áthais dom a bheith molta ag an rialtas do ról an Choimisinéara Teanga.
“Is cúram do Thithe an Oireachtais é rún a rith maidir le moladh an Rialtais, agus ansin d’Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, an ceapachán a dhéanamh in am trátha.
“In ómós don phróiseas sin, ní bheidh aon ráiteas eile á eisiúint agam go dtí go mbeidh an ceapachán deimhnithe. Tá mé ag súil go mór le m’fhís agus mo thosaíochtaí don ról a roinnt ag an tráth sin,” a dúirt sé.
Beidh rún le rith i leith mholadh an Rialtais sa Dáil agus sa Seanad a luaithe is a fhillfidh na Teachtaí Dála agus na seanadóirí san fhómhar. Ina dhiaidh sin, molfar d’Uachtarán na hÉireann an ceapachán a dhéanamh.
Séamas Ó Concheanainn molta ag an Rialtas mar an chéad Choimisinéir Teanga eile
Beidh Séamas Ó Concheanainn ar an tríú Coimisinéir Teanga ag an stát. Ceapadh in 2004 Seán Ó Cuirreáin, an chéad Choimisinéir Teanga. D’éirigh Ó Cuirreáin as a phost in 2014 mar agóid i gcoinne fhaillí an rialtais i leith na Gaeilge. Rónán Ó Domhnaill, a ceapadh le deanaí ina choimisinéir na meán, a tháinig i gcomharbacht air.
Is as an Spidéal i gContae na Gaillimhe ó dhúchas do Shéamas Ó Concheanainn, a bhfuil taithí aige i réimsí éagsúla – sa reachtaíocht teanga, in earnáil an ardoideachais, sa phleanáil teanga agus san fhorbairt pobail.
Is ag obair mar Stiúrthóir in Oifig an Choimisinéara Teanga atá sé ó fhómhar 2020. Chaith sé blianta fada roimhe sin i gceannas ar Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna. Is é a bhí i gceannas freisin ar an tionscadal taighde náisiúnta Fios Físe do TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá obair déanta aige le comhlachtaí forbartha pobail amhail Comharchumann Shailearna Teo, le tograí teanga le Coiste Pleanála Teanga Chonamara Láir, agus agus i réimse na turasóireachta le Cósta Gaelach Chonamara.
Moladh Ó Concheanainn don ról i ndiaidh don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comórtas a rith.
Anuas ar na cumhachtaí a bhí ag an Choimisinéir Teanga roimhe seo, beidh dualgas air faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtacháin eile ag comhlachtaí poiblí a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúil.
Ceann de na cúraimí is mó a bheidh air ná feidhm a thabhairt do na leasuithe a rinneadh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla anuraidh.