![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2023%2F08%2FIardheisceart-Atha-Cliath-le-linn-blianta-na-Reabhloide-1916-23.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=4369db42)
Iardheisceart Átha Cliath le linn blianta na Réabhlóide, 1916-23 le Kerron Ó Luain (Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta)
Iardheisceart Átha Cliath le linn blianta na Réabhlóide, 1916-23 le Kerron Ó Luain (Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta)
@ Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair
Festival Lecture / TalkB'fhorbairt an-dearfach a bhain le Deich mBliana na gCuimhneachán an taighde a rinneadh ar go leor ceantair áitiúil le linn blianta na Réabhlóide, 1912-23. Foilsíodh sraith leabhair a rianaigh na blianta sin ag leibhéal an chontae agus a thug léargas úr ar cheisteanna tábhachtacha. Rinneadh imscrúdú i roinnt foilseacháin ar cheantair áitiúil ag leibhéal ní ba ghéire ná sin fiú.
Tuigtear níos mó anois faoi mar a chuaigh mórcheisteanna náisiúnta an lae i bhfeidhm ag an leibhéal logánta. Go deimhin, ar an lámh eile, tá tuiscint níos fearr againn ar an mórphictiúr náisiúnta de bharr mionstaidéir éagsúla ó gach cearn den tír.
Sa chaint seo tabharfaidh an Dr Kerron Ó Luain léargas ar bhlianta na Réabhlóide ina cheantar dúchais féin, iardheisceart Átha Cliath. Cíorfar an choimhlint laistigh den náisiúnachas, an ghéarchéim Rialtas Dhúchais 1912-14, teacht chun cinn na nÓglach agus Éirí Amach na Cásca 1913-16, an tréimhse atheagraithe agus Cogadh na nDúchrónach 1917-1919, cúrsaí aicmeacha, ceardchumainn agus stailc na n-oibrithe feirme in 1919-23, agus an Cogadh Cathartha/Frithréabhlóid sa cheantar in 1922-23.
Tuilleadh eolais anseo.
*** Cliceáil anseo chun na himeachtaí as Gaeilge uilig atá á reáchtáil i rith 'Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta' a fheiceáil, nó cuardaigh 'Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta' anseo ar PEIG ***
![](https://peig.ie/wp-content/uploads/2023/08/Seachtain-Naisiunta-na-hOidhreachta-logo23.jpg)