Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
20-saothar-san-iomaiocht-do-‘leabhair-ghaeilge-na-bliana-2023’

20 saothar san iomaíocht do ‘Leabhair Ghaeilge na Bliana 2023’

| Tuairisc.ie | , ,

Tá na gearrliostaí do ghradaim ‘Leabhair na Bliana’, fógartha inniu ag Oireachtas na Gaeilge.

20 leabhar san iomlán atá ar na gearrliostaí do na gradaim do thithe foilsitheoireachta na Gaeilge.

Seacht leabhar atá ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, an gradam foilsitheoireachta do leabhar na bliana ar fiú €5,000 é d’fhoilsitheoir an tsaothair bhuacaigh agus €2,500 d’údar an leabhair féin.

Sé leabhar atá ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe, an gradam do shaothair aistrithe,  agus seacht gcinn atá ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló, an gradam do leabhair do pháistí óga.

Tá trí leabhar a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht ar ghearrliosta leabhar na bliana, liosta ar a bhfuil saothair neamhfhicsin go mór sa treis i mbliana– Dhá Leagan Déag: Léargais Nua Ar an Sean-Nós, cnuasach aistí faoin amhránaíocht ar an sean-nós, in eagar ag Philip Fogarty, Tiber Falzett agus Lillis Ó Laoire; Nollaig Oileánach, cuimhní cinn ar an Nollaig in Inis Treabhair le Micheál Ó Conghaile; agus Béal na Péiste an chéad úrscéal ag Fionntán de Brún.

Dhá shaothar atá ag LeabhairComhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin na bliana seo,  Éanlaith Iarthuaisceart Thír Chonaill cnuasach grianghraf le Maitiú Ó Murchú agus An Óige agus an Athbheochan, saothar taighde le Ríona Nic Congáil.

Is iad na saothair eile atá san iomaíocht do Ghradam Uí Shúilleabháin ná Ceallach: Cín Lae Fíréin: AD 590-620 le Diarmuid Johnson, a d’fhoilsigh Leabhar Breac, agus Léann na Sionnaine, sraith aistí curtha ina eagar ag Aengus Ó Fionnagáin agus Gordon Ó Riain agus foilsithe ag Cló Léann na Gaeilge.

Tá triúr de mhuintir Rosenstock ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló i mbliana, Sadhbh Rosenstock atá ainmnithe do Teach Teidí  (Picnic Press), atá maisithe ag Ciara Ní Dhuinn, Inis Mara (LeabhairCOMHAR) le fear Shadhbh, Tristan Rosenstock, saothar atá maisithe ag Mark Wickham agus Púcaí Shmúcaí agus Dánta Eile (Futa Fata) le Gabriel Rosenstock, cnuasach atá maisithe ag Una Woods agus Tarsila Krüse.

Is iad na saothair eile atá ar an ngearrliosta don ghradam do leabhar Gaeilge na bliana do pháistí, Ag Buzzáil sa Ghairdín (An tSnáthaid Mhór) le hÁine Ní Ghlinn, agus maisithe ag Andrew Whitson, Bláth Fiáin (Cló Iar-Chonnacht)  le Méadhbh Ní hEadhra agus maisithe ag Deirdre Ní Thuathail agus Clifford Hayes, agus Eoinín ag Dul a Chodladh (Futa Fata)  le Muireann Ní Chíobháin agus maisithe ag Róisín Hahessy.

Sé leabhar atá ar an ngearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe,  an gradam do shaothair aistrithe.

Is iad na leabhair sin: Siúrmo (Leabhar Breac) aistriúcháin le Bernadette Nic an tSaoir ar shaothar Jean-Claude Izzo;  Cuairt san Nioclás (Cló Iar-Chonnacht) aistriúchán le Darach Ó Scolaí ar scéal Clement Clarke Moore; Na Ríthe Beaga (Barzaz)  aistriúchán Mháirín Nic Con Iomaire ar leabhar Delphine de Vigan; Dog Man na Gaeilge (Futa Fata) leagan Mháirín Ní Mhárta de leabhar i sraith Dav Pilkey ; An Buachaill, an Caochán, an Sionnach agus an Capall (An tSnáthaid Mhór) aistriúchán Mháire Zepf agus  Antain Mac Lochlainn ar leabhar le Charlie Mackesey; agus Art Abú! Scoil na Narrachtaí (Dalen Éireann), leagan Gaeilge Chaitlín Nic Íomhair de shaothar David de Thuin.

Fógrófar na buaiteoirí go léir ag searmanas ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2023. Duaischiste de €17,000 ar fad atá ann do na trí ghradam.

Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, go raibh obair mhór déanta ag na foilsitheoirí agus scríbhneoirí ar na leabhair go léir.

“Tá tacar ar leith scileanna atá riachtanach i gceird na foilsitheoireachta le saothar an scríbhneora a chóiriú, a chur i láthair agus a stiúradh go healaíona, soléite, sábháilte, isteach i lámha an léitheora”,

“Tá sé d’ádh ar scríbhneoirí agus ar an bpobal léitheoireachta gur bhain oiread sin Tithe Foilsitheoireachta a thionlaic leabhair Ghaeilge chun an mhargaidh le bliain anuas sárchaighdeán amach.  Ar ndóigh bíonn saothar meithle laistiar de gach leabhar agus tréaslaím leis na húdair, na maisitheoirí, na haistritheoirí, na heagarthóirí, na dearthóirí agus gach aon bhaill de mheithleacha na leabhar atá ainmnithe ar ghearrliostaí Ghradaim Fhoilsitheoireachta 2023.

“Tá raon agus réimse den scoth leabhar ar na gearrliostaí sin, ina measc: úrscéalta, cnuasaigh aistí agus filíochta, pictiúr-leabhair don ghlúin óg agus sár-aistriúcháin ó theangacha eile.”

Níos mó