Tá tús le cur go luath ag Roinn na Gaeltachta ar leagan amach an mhúnla a d’fhéadfadh a bheith ar ‘scéim labhairt na Gaeilge’ nua.
Cuireadh deireadh in 2011 le Scéim Labhairt na Gaeilge, an scéim faoina n-íoctaí €260 le teaghlaigh Ghaeltachta ina raibh labhairt na Gaeilge ag na páistí, ach tá sé ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, go bhfuil a mhachnamh á dhéanamh aige ar an deontas a thabhairt ar ais.
Tá céim eile á tabhairt go luath maidir le hathbhunú na scéime agus tús á chur le plé faoi mholtaí atá bailithe ag Roinn na Gaeltachta le seacht mí anuas faoin múnla a d’fhéadfadh a bheith uirthi.
Mí Feabhra seo caite a d’eagraigh Roinn na Gaeltachta ‘meitheal smaointeoireachta’ faoi na bearta “breise” a d’fhéadfaí a dhéanamh ar mhaithe le labhairt na Gaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus bhí ‘scéim labhairt na Gaeilge’ nua i measc na moltaí a tháinig chun cinn.
“Ó shin tá an t-ábhar pléite le roinnt páirtithe leasmhara le smaointe agus tuairimí maidir le scéim nua a bhailiú,” a dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.
“Siad na chéad chéimeanna eile ná breis plé a dhéanamh ar na smaointe a tháinig as an phlé seo agus raon bearta nua a mhúnlú timpeall orthu.”
I 1933 a bunaíodh Scéim Labhairt na Gaeilge, tráth a n-íoctaí £2 an páiste in aghaidh na bliana le tuismitheoirí sa Ghaeltacht a spreagadh lena bpáistí a thógáil trí Ghaeilge.
Nuair a cuireadh deireadh leis an scéim in 2011 deontas €260 in aghaidh na scoilbhliana a bhí á íoc le teaghlaigh sa Ghaeltacht ina raibh páistí scoile.
Sa bhliain deiridh den deontas, rinne 3,378 teaghlach iarratas faoin scéim, íocadh an deontas iomlán (€260) le 2,346 teaghlach agus an deontas laghdaithe (€130) le 435 teaghlach eile.
Dúirt urlabhraí na Roinne go raibh “raon leathan de bhearta” curtha i bhfeidhm ar mhaithe le labhairt na Gaeilge a spreagadh sa Ghaeltacht ó cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge. Luaigh sé bunú na heagraíochta Tuismitheoirí na Gaeltachta, maoiniú breise agus an próiseas pleanála teanga ar na bearta sin.