Láthair Ghaeltachta ag an bPicnic Leictreach
Láthair Ghaeltachta ag an bPicnic Leictreach
@ Láthair champála - Picnic Leictreach
Festival Arts and EntertainmentLáthair Ghaeltachta fógartha don fhéile cheoil is mó in Éirinn ag an bPicnic Leictreach
Láthair champála Gaeilge agus stáitse Gaelach sa Chollchoill mar chuid de Chroí na Féile
Beidh Croí na Féile, clár Ghaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge, faoi bhláth arís i mbliana ag an bPicnic Leitreach agus arís eile beidh deis ag lucht campála a bpubaill a chrochadh i gcomhluadar na nGael sa láthair oifigiúil champála, an Láthair Ghaeltachta.
Beidh an t-ardán Gaeilge, An Chollchoill, ar ais arís i mbliana, a dhéanfaidh ceiliúradh ar cheol, ar theanga agus ar chultúr na hÉireann le linn an deireadh seachtaine. Beidh meascán de cheol Gaelach agus ceol traidisiúnta ar stáitse na Collchoille idir 19:00 agus meán oíche. Beidh DJanna iontacha ar nós Ailbhe Ní Riain, grúpaí ceoil thraidisiúnta ar nós an Shandrum Céilí Band atá ag cur siamsaíocht ar fáil ag an bPicnic ó cuireadh tús leis an gCollchoill in 2018, chomh maith leis an ngrúpa iontach Bandia a bhfuil cáil orthu as a gclúdaigh Ghaeilge.
Tabharfaidh suíomh an champa deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid le linn an deireadh seachtaine. Tá An Láthair Ghaeltachta ann le deis a thabhairt do dhaoine an teanga a chur ag croí na féile agus taitneamh a bhaint as spás le campálaithe Gaeilge eile le linn an deireadh seachtaine, le ticéid díolta amach don láthair le blianta beaga anuas.
Tugann Conradh na Gaeilge cuireadh do lucht freastala na Picnice Leictrí teacht agus fanacht sa Láthair Ghaeltachta, áit a bheidh an Ghaeilge i réim mar phríomhtheanga labhartha agus ina mbeidh craic, cannaí agus comhluadar i measc Ghaeil na Féile.
Is féidir clárú don láthair champála Ghaeltachta ar Eventbrite ag:
https://www.eventbrite.com/e/lathair-champala-ghaeltachta-ag-an-bpicnic-leictreach-tickets-687975602547
Clárúchán ar oscailt ón lá inniu, 21 Lúnasa. Líon teoranta spásanna ar fáil.