Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
dun-na-ngall-agus-ciarrai-sa-mhea-agus-dailcheantair-a-n-atarraingt

Dún na nGall agus Ciarraí sa mheá agus dáilcheantair á n-atarraingt

| Tuairisc.ie | ,

Dún na nGall agus Ciarraí is dócha na contaetha Gaeltachta is mó a mbeidh tionchar orthu ag torthaí an athbhreithnithe ar na dáilcheantair atá déanta ag An Coimisiún Toghcháin.

Inniu atá torthaí an athbhreithnithe ar atarraingt na ndáilcheantar á bhfoilsiú.

Ní nach ionadh tá Teachtaí Dála agus na páirtithe go léir ar tinneall ag fanacht leis na torthaí sin.

Tá daonra an stáit seo ardaithe agus breis is 5.1 milliún ina gcónaí sa tír faoi láthair agus faoi mBunreacht ní mór Teachta Dála amháin a bheith againn in aghaidh gach 20,000-30,000 duine sa dáilcheantar.

Faoi láthair níl ach aon dáilcheantar amháin as an 39 dáilcheantar atá againn sa tír nach bhfuil níos mó ná 30,000 duine ann in aghaidh gach Teachta Dála.

Faoi théarmaí an athbhreithnithe seo, tá de cheart ag an gCoimisiún Toghcháin cur leis an 160 Teachta Dála atá againn faoi láthair – go dtí idir 171-181 Teachta.

Triúr, ceathrar nó cúigear Teachtaí Dála a cheadaítear a bheith i ngach dáilcheantar agus tharlódh go roinnfí dáilcheantar ina bhfuil cúigear faoi láthair ina dhá dháilcheantar agus triúr suíochán an ceann iontu.

Tá dóthain daonra i gcontae Dhún na nGall anois go bhféadfaí seisear Teachtaí Dála a thoghadh arís ann in ionad an chúigir atá ann faoi láthair.

Chuige sin níor mhór an contae a roinnt ina dhá dháilcheantar trí shuíochán, cur chuige a bhíodh ann go dtí 2016.

Dá bhfillfí ar an múnla Dún na nGall Thiar Theas agus Dún na nGall Thoir Thuaidh, bheadh formhór mór na gceantar Gaeltachta i nDún na nGall Thiar Theas. Faoi láthair tá stráicí de dheisceart an chontae i Sligeach-Liatroim ach dá roghnófaí Dún na nGall a roinnt ina dhá dháilcheantar d’fhéadfadh go mbeadh Bun Dobhráin agus Béal Átha Seanaidh ina gcuid den Dún na nGall Thiar Theas nua.

San olltoghchán deiridh in 2020 bhí 45% den vóta sa gcontae ag Sinn Féin agus thug siad leo dhá shuíochán agus seans acu ar an tríú ceann sa gcéad olltoghchán eile.

Sa gcás go ndéanfaí dhá dháilcheantar den chontae agus an sciar sin de na vótaí nó níos mó a bheith le Sinn Féin, d’fhéadfadh an páirtí ceithre shuíochán a fháil sa gcontae.

Meastar gurb í an t-iarchomhairleoir contae Cora Harvey a sheasfadh in éineacht le hurlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty dá mbeadh Dún na nGall Thiar Theas arís ann.

Bheadh dúshlán mór roimh Fhine Gael suíochán Joe McHugh a choimeád i nDún na nGall Thoir Thuaidh. Tá an t-iar-aire stáit Gaeltachta ag éirí as ach tá caint ann go bhféadfadh go bhfuil iar-aire stáit Gaeltachta eile, an seanfhondúir Pat The Cope Gallagher, ag smaoineamh ar fhilleadh ar an bpolaitíocht náisiúnta d’Fhianna Fáil.

San iardheisceart d’fhéadfaí Ciarraí Thiar Thuaidh-Luimneach Thiar a thabhairt ar ais mar dháilcheantar trí shuíochán agus trí shuíochán eile a dhéanamh de Chiarraí Theas, mar a bhí ansin in olltoghchán 2011.

Iarradh ar An Coimisiún Toghcháin gan teorainneacha contae a shárú dá bhféadfaí in aon chor é, ach ní i gcónaí a dhéantar sin.

Sa chás go bhfillfí ar an seanmhúnla is dócha go bhfanfadh duine amháin de mhuintir Healy-Rae ag an mbaile i gCiarraí Theas agus go rachadh an deartháir eile ag mealladh na vótaí i gCiarraí Thuaidh.

Rogha eile a bheadh ann ná Ciarraí a fhágáil ina dháilcheantar cúig shuíochán mar atá ach cuid de thuaisceart an chontae a chur isteach le contae Luimnigh.

Sin moladh a rinne Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan, arb as iarthar Luimnigh dó, in aighneacht a chuir sé faoi bhráid an Choimisiúin.

Pé acu an bhfágfar Ciarraí mar atá nó an ndéanfar na teorainneacha a atarraingt is dóigh leis an bpolaiteoir ó Chorca Dhuibhne, Séamus Cosaí Mac Gearailt, go mbeidh sé chomh deacair is a bhí riamh ionadaí ón nGaeltacht a thoghadh chun na Dála.

“Bheadh sé an-dheacair d’iarrthóir ó Chorca Dhuibhne toisc nach bhfuil an daonra againn,” a deir fear Fhine Gael.

“Caithfidh tromlach an daonra a bheith i do cheantar má tá Teachta Dála le toghadh, caithfidh baile mór a bheith laistiar díot. Daonra Chiarraí Thiar, tá sé íseal go maith, timpeall 8,000 duine, i gcomparáid le baile Thrá Lí, mar a bhfuil timpeall 25,000 duine.

“Bheadh sé an-dheacair, cé go raibh suíochán againn uair amháin – ag Micheál Ó Beaglaoich ó Dhaingean Uí Chúis. B’in é an t-aon am go bhfios dom go raibh suíochán againn i gCorca Dhuibhne. Gan dabht, bhraithfeadh sé ar an iarrthóir agus dá mbeadh iarrthóir an-láidir agat ó cheantar an Daingin bheidís in ann an pobal a thabhairt leo, b’fhéidir.”

B’fhearr le Séamus Cosaí Mac Gearailt go ndéanfaí dhá dháilcheantar de Chiarraí arís.

“An dáilcheantar mar atá faoi láthair, tá sé rómhór, imeacht ó abhainn na Sionainne go dtí Neidín, Inbhear Scéine. Tá sé rómhór ar fad. Thógfadh sé dhá uair an chloig ar a laghad dul ó thaobh amháin go dtí an taobh eile ag tiomáint. Ní dhéanann sé ciall. B’fhearr é a roinnt, más féidir.”

Maidir leis na dáilcheantair Ghaeltachta eile a bhféadfaí athrú a dhéanamh orthu, tá daonra na Gaillimhe ardaithe freisin agus bheadh an contae i dteideal beirt Teachtaí breise, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an dara dáilcheantar cúig shuíochán a bhunú sa chontae.

Tá dóthain daonra i gcontae na Mí anois d’ocht suíochán, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí dhá dháilcheantar ceithre suíochán a dhéanamh den chontae, rud a a chiallódh go mbeadh suíochán breise sa Mhí Thoir, mar a bhfuil Baile Ghib, agus sa Mhí Thiar, mar a bhfuil Gaeltacht Ráth Chairn.

I gCorcaigh Thiar Thuaidh atá Gaeltacht Mhúscraí, dáilcheantar nach bhfuil ach beagáinín os cionn na teorann ó thaobh daonra de. D’fhéadfaí cuid de Chorcaigh Thiar Thuaidh a chur isteach le ceann de dháilcheantair chathair Chorcaí.

Leis na daoine breise i Maigh Eo, bheadh Teachta breise ag gabháil dóibh, rud a d’fhágfadh an contae ina dháilcheantar cúig shuíochán, mar a bhí cheana sna blianta 1997-2016.

I gcás Phort Láirge, níl an daonra sách ard do dháilcheantar cúig shuíocháin ach tá an iomarca daoine ann do dháilcheantar ceithre shuíocháin.

Mar sin, tá caint ann go bhféadfaí cuid de dheisceart Chill Chainnigh a chur leis an dáilcheantar ceithre shuíochán chun suíochán breise a chur leis. D’fhéadfaí chomh maith Port Láirge á fhágáil ina dháilcheantar ceithre shuíochán ach cuid den chontae a chur isteach le dáilcheantar eile.

Is fearrde na páirtithe móra an dáilcheantar trí shuíochán mar go mbíonn an cuóta ag 25%. I ndáilcheantar cúig shuíochán, bíonn an cuóta níos ísle ag 16.6%, agus meastar go gcuidíonn sin le páirtithe beaga nuair a bhítear ag fiach ar na suíocháin deiridh lá an chomhairimh.

Níos mó