Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
fisean:-an-rang-cead-bhliana-is-mo-riamh-i-gcolaiste-ghobnait-ar-inis-oirr

FÍSEÁN: An rang céad bhliana is mó riamh i gColáiste Ghobnait ar Inis Oírr

Tá borradh mór tagtha faoi líon na ndaltaí san iarbhunscoil ar Inis Oírr, agus an líon daltaí is mó riamh tosaithe sa chéad bhliain.

 Cuireadh “fáilte mhór” roimh aon dalta dhéag, arb as Inis Oírr iad ar fad, chuig Coláiste Ghobnait an tseachtain seo, an rang céad bhliana is mó i stair na scoile.

Anuraidh ní raibh ach dalta amháin sa chéad bhliain i gColáiste Ghobnait agus uaireanta beirt nó triúr a bhíonn i gceist.

Is ionann líon na ndaltaí sa chéad bhliain anois agus an ceathrú cuid de dhaltaí na scoile sa chéad bhliain.

Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt Bríd Ní Dhonncha, Príomhoide Choláiste Ghobnait, gur “údar bróid” atá ann go bhfuil an oiread daltaí ón oileán tagtha isteach sa chéad bhliain.

“Tá sé an-speisialta an méid sin daltaí ón oileán a bheith ag tosaí linn.

“Seo an chéad bhliain is dóigh gur tháinig an líon seo scoláirí isteach i mbliain a haon. Aon duine dhéag scoláirí. Is iontach an líon é sin dúinne anseo i bpobal beag ar oileán scoite amach.

“Ceapaim ó bunaíodh an scoil, gurb í an bhliain is mó gur tháinig daoine isteach i mbliain a haon. I gcomparáid le anuraidh, is duine amháin a bhí ann. Is ceathrú cuid den scoil iad. Insíonn sin a scéal féin. Is figiúr suntasach é agus cuirfidh siad léi agus tabharfaidh siad beocht do thimpeallacht na scoile.”

Deir Ní Dhonncha go bhfuil an iar-bhunscoil riachtanach chun an saol ar an oileán Gaeltachta a chaomhnú.

“I 1986 a bunaíodh an scoil go hoifigiúil, ceapaim go raibh tréimhse ann nuair nach raibh sí aitheanta ag an Roinn Oideachais roimhe sin. Ach is i 1986 a bronnadh an uimhir rolla orainn agus tá sí ann ó shin agus is iontach í a bheith i bpobal go háirithe ar oileán.

“Tá iarbhunscoil ag teastáil le haghaidh an saol ar an oileán a chaomhnú agus a chosaint agus le cinntiú go mbeidh pobal agus daonra ann,” a dúirt Ní Dhonncha.

D’fhreastail na daltaí ar fad atá sa chéad bhliain i gColáiste Ghobnait i mbliana ar Scoil Chaomháin, an scoil náisiúnta ar Inis Oírr.

Tá 40 dalta, daltaí as Inis Oírr agus ón mórthír, cláraithe ar na rollaí ag Coláiste Ghobnait i mbliana agus is dúshlán é i gcónaí na “roghanna céanna” a chur ar fáil do dhaltaí na scoile is atá ar fáil do dhaltaí eile na tíre, a deir Ní Dhonncha.

“Ar nós gach rud is dóigh bíonn muid ag iarraidh i gcónaí a bheith ag cur na roghanna céanna ar fáil do na scoláirí ar an oileán, rud a bhíonns dúshlánach ag amantaí mar ní aithníonn an Roinn Oideachais rudaí ach de réir uimhreacha.

Fiachna Ó Cadhain, Charlie MaGrath, Róisín Ní Fhátharta, Seán Ó Conghaile, Ciara Ní Chonghaile, Rónán Ó Conghaile.
Kneeling. May Ní Chonghaile, Colm Ó Catháin, Emilia Ní Fhlátharta, Máirtín Ó Domhnaill, Siobhán Ní Dhomhnaill. Pictiúr Cormac Coyne

“Tá líon íseal scoláirí sa scoil i mbliana, 40 ar fad, agus arís ag iarraidh na deiseanna céanna a chur ar fáil is dá mbeadh siad ar an mórthír.”

Dúirt Ní Dhonncha go mbíonn daltaí ón mórthír a thagann don Idirbhliain, ag iarraidh fanacht agus an Ardteist a dhéanamh i gColáiste Ghobnait.

“Tagann daoine ón mórthír don Idirbhliain den chuid is mó agus seans go bhfanfaidís ansin agus go ndéanfaidís an Ardteist anseo linn. An triúr a rinne an Ardteist anseo nuraidh, is as an mórthír iad ar fad.”

Deir Ní Dhonncha go bhfuil “saol iontach tarraingteach” ag an dream óg ar an oileán agus go dtuigeann lucht na chéad bhliana é sin.

“Bhí muid ag caint ar na bunluachanna atá againn sa scoil, ceann acu pobal. Bhí siad ag rá go raibh muid difriúil mar go bhfuil muid ar oileán.”

“Chuir mé ceist orthu ar mhaith leo go mbeadh droichead ann agus dúirt siad nár mhaith. Tá siad sásta a bheith scoite amach ón mórthír. Is oileánaigh iad,” a dúirt Príomhoide Choláiste Ghobnait.

Níos mó