Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
titim-ar-na-pointi-do-chursa-bunmhuinteoireachta-tri-ghaeilge,-ach-ardu-do-chursai-don-dara-leibheal

Titim ar na pointí do chúrsa bunmhúinteoireachta trí Ghaeilge, ach ardú do chúrsaí don dara leibhéal

| Tuairisc.ie | ,

Tá laghdú suntasach tagtha ar líon na bpointí a theastaíonn do chúrsa céime a chuirfidh bunmhúinteoirí ar fáil do scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus Babhta a hAon de thairiscintí an CAO fógartha an tseachtain seo.

Tá líon na bpointí a theastaíonn chun an Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge a dhéanamh in Institiúid Marino i mBaile Átha Cliath tite breis is 70 pointe ó anuraidh, ó 535 in 2021 go dtí 462 i mbliana.

Tá an figiúr beagáinín níos ísle – 459 – do dhaltaí Gaeltachta atá ag iarraidh cur isteach ar an gcúrsa.

Áiteanna breise ar an gcúrsa is cúis leis an titim ar líon na bpointí a theastaíonn i mbliana.

D’fhógair an Roinn Oideachais mí an Mhárta go mbeadh áit do 60 dalta ar an gcúrsa ón bhfómhar seo, ardú ón thart ar 30 áit a bhíodh ann roimhe seo.

Cuireadh tús leis an gcúrsa chun dul i ngleic leis an nganntanas bunmhúinteoirí atá oilte chun teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge. Caithfidh na mic léinn grád H3 nó níos airde a fháil i scrúdú ardleibhéil Gaeilge na hArdteiste chun a bheith incháilithe don chúrsa agus caithfidh siad leibhéal B1 a bhaint amachchomh maith i dTeastas Eorpach na Gaeilge sula dtosóidh siad sa choláiste.

Cuireadh tús leis an gcúrsa céime seo ceithre bliana ó shin in 2019 agus tá na chéad céimithe ón gcúrsa tosaithe ag obair i scoileanna ar fud na tíre an tseachtain seo.

“Tagann mic léinn na céime seo ó réimse cúlraí éagsúla, idir Ghaelcholáistí, iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus iar-bhunscoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar dhara teanga, ach teastaíonn uathu ar fad tús áite a thabhairt don teanga agus iad ag tabhairt faoina n-oideachas ag an tríú leibhéal,” a dúirt an Dr Claire Dunne, Ceann Roinn na Gaeilge in Institiúid Marino agus comhordaitheoir na céime.

Tháinig ardú ar líon na bpointí a theastaíonn chun cúrsaí bunchéime iar-bhunmhúinteoireachta le Gaeilge a dhéanamh i gColáiste Mhuire gan Smál, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

451 pointe anois atá ag teastáil chun BA san Oideachas, Gaeilge agus Staidéar ar Ghnó a dhéanamh ar champas Choláiste Mhuire gan Smál i nDurlas, suas ó 400 pointe in 2022. 477 pointe (suas ó 467) atá ag teastáil don BA san Oideachas, Gaeilge agus Matamaitic agus 424 pointe (suas ó 419) atá ag teastáil don BA san Oideachas agus Gaeilge agus Staidéar ar Reiligiún.

424 pointe atá ag teastáil freisin ó mhic léinn chun an Baitsiléir san Oideachas agus Gaeilge a dhéanamh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh – suas ó 408 anuraidh – agus 442 pointe a theastaíonn don iar-bhunmhúinteoireacht le Gaeilge agus teanga eile in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, pointe amháin níos mó ná mar a bhí ag teastáil anuraidh.

Beidh cúrsa tríú leibhéal nua, Gnó agus Gaeilge, á thosú an mhí seo chugainn ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus Coláiste Naomh Aingeal i Sligeach. 308 pointe a theastaíonn don chúrsa, a bunaíodh mar fhreagra ar an sprioc atá leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, go mbeadh 20% d’earcaigh chun na státseirbhíse ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030.

Tá cúrsa ‘Gnó agus Gaeilge’ á reáchtáil freisin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chomh maith. 387 a theastaíonn chun an cúrsa a dhéanamh i mbliana, suas ó 331 anuraidh.

Fógraíodh Babhta a hAon de thairiscintí an CAO Dé Céadaoin agus na pointí tite i gcás 60% de na cúrsaí tríú leibhéal ar fud na tíre.

Institiúid Cúrsa Pointí 2023 Pointí 2022 Pointí 2021
Ollscoil na Gaillimhe Na Dána (Léann Teanga) 436 443 526
Tráchtáil le Gaeilge 475 511 508
Na Dána (Cumarsáid agus Gaeilge) 484 440 410
Coláiste na Tríonóide Luath- agus Nua-Ghaeilge 368 387 377
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Gnó agus Gaeilge 387 331 368
Iar-bhunmhúinteoireacht ‘Gaeilge le Fraincis, Gearmáinis/Spáinnis 442 441 413
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh Dlí agus Gaeilge 545 552 588
Baitsiléir san Oideachas agus Gaeilge 424 408 473
Coláiste Mhuire gan Smál BA san Oideachas agus Gaeilge agus Staidéar ar Reiligiún
[Durlas]
424 419 407
BA san Oideachas, Gaeilge agus Matamaitic
[Durlas]
477 467 509
BA san Oideachas, Gaeilge agus Staidéar ar Ghnó
[Durlas]
451 400 387
Institiúid Marino, Baile Átha Cliath Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) 462 535 513
Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)
*do dhaltaí Gaeltachta
459 495 463
Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh Eacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge
[Sligeach agus Coláiste Naomh Aingeal]
442 474 463
Gnó agus Gaeilge
[Sligeach agus Coláiste Naomh Aingeal]
307

Níos mó