Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
duine-as-gach-cuigear-daltai-gaeilge-don-gcse-a-roghnaionn-an-ghaeilge-don-ard-leibheal

Duine as gach cúigear daltaí Gaeilge don GCSE a roghnaíonn an Ghaeilge don Ard-Leibhéal

| Meabh Ni Thuathalain | ,

De réir figiúirí nua ón CCEA, roghnaigh 22.6% de dhaltaí a rinne staidéar ar an Ghaeilge don GCSE in 2022 an t-ábhar don Ard-Leibhéal in 2023

Duine as gach cúigear daltaí Gaeilge don GCSE a roghnaíonn an Ghaeilge don Ard-Leibhéal

“Ábhar dóchais” é go bhfuil duine as gach cúigear a dhéanann Gaeilge ag GCSE ag leanúint leis an Ghaeilge don Ard-Leibhéal, a deir Gael Linn.

De réir figiúirí nua ón CCEA, roghnaigh 22.6% de dhaltaí a rinne staidéar ar an Ghaeilge don GCSE in 2022 an t-ábhar don Ard-Leibhéal in 2023.

As an 1,750 dalta a rinne an Ghaeilge don GCSE anuraidh, tá 396 díobh ag tabhairt faoina gcéad bhliain den A-Leibhéal, nó an AS mar a thugtar air.

Cé gurb ann i gcónaí do na “deacrachtaí” a bhaineann leis an Ghaeilge sa chóras oideachais ó thuaidh, deir Oifigeach Polasaí Oideachais Gael Linn, Séamas Mac Eochaidh, gur “ábhar dóchais” é go bhfuil céatadán níos airde de na daltaí a dhéanann an Ghaeilge don GCSE ag roghnú na Gaeilge don A-Leibhéal, i gcomparáid leis na teangacha eile a ndéantar staidéar orthu ó thuaidh.

“Is cúis cheiliúrtha é go bhfuil ráta leanúna de 22.63% ó GCSE in 2022 go hAS in 2023 agus ráta leanúna de 18.77% ó GCSE in 2021 go hA2 in 2023 – na rátaí leanúna is airde i measc na dteangacha ar fad sa chóras oideachais ó thuaidh.

“Ní hamháin go bhfuil múinteoirí na Gaeilge ag cur scoth an teagaisc ar fáil ach tá siad ag spreagadh na chéad ghlúine eile le titim i ngrá leis an teanga dhúchais chomh maith,” a dúirt Mac Eochaidh.

Ráta Leanúna ó GCSE 2022 go AS 2023 (Figiúirí de chuid an CCEA)
An Fhraincis An Ghearmáinis An Ghaeilge An Spáinnis
GCSE 2022 3151 706 1750 3573
AS 2023 393 112 396 579
Ráta Leanúna 12.47% 15.86% 22.63% 16.20%
Figiúirí de chuid an CCEARáta Leanúna ó GCSE 2021 go   hA2 2023
An Fhraincis An Ghearmáinis An Ghaeilge An Spáinnis
GCSE 2021 3481 649 1518 3551
A LEVEL 2023 287 61 285 416
Ráta Leanúna 8.24% 9.40% 18.77% 11.72%

Deir Gael Linn nach bhfuil aon leigheas ag múinteoirí, atá ag iarraidh daltaí a mhealladh chun an Ghaeilge a roghnú mar ábhar scrúdaithe ar an “bhac” atá á chur ag an Roinn Oideachais ó thuaidh roimh “dul chun cinn na Gaeilge mar ábhar scoile”.

“Tá ganntanas córasach i soláthar teangacha ó thuaidh. Tá sé soiléir nach bhfuil an cur chuige i leith theagasc na dteangacha ag teacht leis an chur chuige is fearr go hidirnáisiúnta.

“Tá ceann de na tréimhsí is giorra san Eoraip againn ó thaobh teagasc riachtanach teangacha. Ar an drochuair, na daltaí atá ag cailleadh amach mar thoradh air seo, bliain i ndiaidh bliana,” a dúirt Mac Eochaidh.

Tá Gael Linn ag plé leis an “ghéarchéim” a bhaineann leis an Ghaeilge mar ábhar scoile le dhá bhliain anuas.

Deir Gael Linn gur cheart go mbeadh cead ag daltaí níos mó ná teanga amháin a roghnú agus go bhfuil “stádas na Gaeilge á mhionlú níos mó ó thuaidh” mar gheall ar chur chuige na Roinne Oideachais i dtaobh teangacha.

“Ní mór an ganntanas córasach soláthair d’fhoghlaim teangacha ag an bhunleibhéal fosta a chur ina cheart le nach mbeidh mionlú déanta ar an Ghaeilge. Is cóir foghlaim na dteangacha a spreagadh ag an bhunleibhéal agus faoi láthair faraor níl sé seo ag tarlú,” a dúirt sé.

Dúradh sa tuarascáil Language Trends Northern Ireland Report 2023 go bhfuil an tuaisceart ‘chun deiridh’ i measc thíortha na hEorpa maidir le foghlaim teangacha ag leibhéal na bunscoile agus an méid ama “ba lú” á chur ar fáil do dhaltaí bunscoile d’fhoghlaim teangacha.

“As na tíortha uile ar mhór-roinn na hEorpa is i dTuaisceart Éireann a chuirtear an t-am is lú ar fáil d’fhoghlaim éigeantach teangacha, d’ainneoin go dtugtar tosaíocht do theangacha ag leibhéal na bunscoile sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn” a deirtear sa tuarascáil.

Níos mó