Scríobh Leabhar 2023-24: Glaoch ar iarratais
Scríobh Leabhar 2023-24: Glaoch ar iarratais
Competition Event for the youngTáimid ag glacadh le hiarratais ó ionaid oideachais faoi láthair do Scríobh Leabhar 2023-24!
Is tionscadal é Scríobh Leabhar atá urraithe ag Clár na Leabhar Gaeilge. Tugann Scríobh Leabhar deis do pháistí bunscoile a gcuid leabhar féin a scríobh, a dhearadh, agus a fhoilsiú as Gaeilge. Cuireann sé léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge chun cinn i measc páistí óga.
Déanann na páistí a gcuid leabhar féin a scríobh, a mhaisiú agus a cheangal faoi threoir a múinteoirí. Cuireann an tionscadal an-bhéim ar an bpróiseas scríbhneoireachta féin. Tá an tionscadal an-solúbtha. Is féidir le gach páiste sa rang a leabhar féin a scríobh, nó obair lena chéile i ngrúpaí, nó is féidir leis an rang ar fad leabhar a scríobh.
Déan iarratas anois!