Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
eolas-a-lorg-ag-na-poilini-faoi-eachtra-inar-briseadh-fuinneoga-gaelscoile

Eolas á lorg ag na póilíní faoi eachtra inar briseadh fuinneoga Gaelscoile

| Tuairisc.ie | ,

Rinneadh an loitiméireacht ag suíomh na scoile nua ar an Srath Bán, Gaelscoil Uí Dhochartaigh, atá á tógáil ar chostas £7.2 milliún

Eolas á lorg ag na póilíní faoi eachtra inar briseadh fuinneoga Gaelscoile

Tá eolas á lorg ag na póilíní ar An Srath Bán faoi eachtra inar briseadh fuinneoga Gaelscoile ar an mbaile sin ag an deireadh seachtaine.

Rinneadh an loitiméireacht ag suíomh na scoile nua atá á tógáil ansin ar chostas £7.2 milliún, Gaelscoil Uí Dhochartaigh.

Bhí tógáil na gaelscoile beagnach críochnaithe nuair a briseadh trí cinn de na fuinneoga nua a bhí curtha isteach ag an deireadh seachtaine, agus ón taobh istigh den fhoirgneamh a briseadh iad.

Tá sé deimhnithe ag na póilíní gur briseadh roinnt fuinneoga úra am éigin idir tráthnóna Dé hAoine, 15 Meán Fómhair agus maidin Dé Luain, an 18 Meán Fómhair.

Tá imní léirithe ag údaráis na scoile go bhféadfadh an damáiste coiriúil seo moill a chur ar an obair thógála

“Tá díomá an domhain orainn. Goilleann sé seo go mór ar phobal na scoile. Níl agam ach impí orthu siúd a raibh baint acu leis gan aon damáiste a dhéanamh dár scoil nua agus gan moill a chur le críochnú ár scoile. Bhíomar tamall fada ag fanacht go foighdeach leis an scoil nua seo,” a dúradh i ráiteas na soile.

Cháin Maolíosa McHugh, Comhalta den Tionól Reachtach le Sinn Féin an loitiméireacht.

“Chuir an scéal gur briseadh isteach ag an deireadh seachtaine san fhoirgneamh nua don Ghaelscoil ar An Srath Bán agus gur briseadh trí fhuinneog úra a bhí díreach curtha isteach déistin orm.

“Cé go bhfuil an chosúlacht air gur loitiméireacht gan chiall a bhí anseo agus nach raibh sí pleanáilte roimh ré, is deacair meon an té a loiteann agus a mhilleann foirgneamh ar mhaithe le spraoi a thuiscint.

“Cibé duine a rinne é seo, níl aon tuiscint aige ar an streachailt agus an obair chrua a bhí le déanamh ag an Ghaelscoil chun an foirgneamh úr seo a fháil ná go bhƒéadfadh loitiméireacht dá leithéid na hiarrachtaí a chur ar gcúl.

“Má tá aon eolas ag aon duine faoi na daoine a rinne an loitiméireacht seo, ba chóir dóibh é sin a chur ar fáil. Níl de rogha ag an chonraitheoir anois ach athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí slándála ag an suíomh,” a dúirt feisire Thír Eoghain Thiar.

Ar Bhóthar Strahans atá an scoil nua á tógáil do Ghaelscoil Uí Dhochartaigh.

Bheadh na póilíní buíoch dá ngabhfadh aon duine a chonaic aon údar amhrais nó aon rud neamhghnách i dteagmháil leo.

“Tuigimid go bhfuil tamall fada i gceist ach aon duine a raibh ceamara acu sa charr nó a fhaigheann aon rud suntasach, bheimis buíoch ach sinn a chur ar an eolas.

“Má tá aon eolas a chuideodh leis na póilíní, téigh i dteagmháil le do thoil le 101 nó tuairiscigh ar líne agus úsáid an uimhir thagartha 202 an 18 Meán Fómhair 2023,” a dúirt an PSNI.

Níos mó