Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-laoch-ar-lar-ronan-mac-aodha-bhui-imithe-ar-shli-na-firinne.

Tá laoch ar lár. Rónán Mac Aodha Bhuí imithe ar shlí na fírinne.

| Dáithí Anraí |

le Dónall Ó Cnáimhsí

Tá Rónán Mac Aodha Bhuí ar shlí na fírinne, tá sé deacair agus dochreidte na focail sin a chreidbheáil.

An guth sin múchta, an fuinneamh sin ídithe agus an spiorad dochloíte cloíte.

Tá Rónán Beo marbh.

Chuir mé aithne ar dtús báire air i bPobalscoil Ghaoth Dobhair sna luath-ochtóidí, is minic a thiocfá  trasna ar Rónán sna leithris le linn am ranga ag caitheamh toitín síochánta. Rónán an reibiliúnach ag briseadh na rialacha nó ag tabhairt a ndúshlán. Rónán radacach lena chuid t-léinte Ché Guvara agus Bobby Sands ag múineadh agus ag gríosú an chuid eile againn.

Is ar an raidió CB a fuair Rónán a chéad bhlaiseadh den chraoladh.

“Breaker breaker for a copy, Hot Dog here and the Viking, Devil Woman and the Mad Mechanic, rolling on the main drag looking for seat covers for good company.”

Bhí nós ag leads Ghaoth Dobhair ag an am na CBs a bheith sna carranna acu mar a bhí ag na Divers, comharsana Rónáin.

Go Baile Cliath ansin a thug Rónán a aghaidh i ndiaidh na scoile agus cúrsa iriseoireachta.

Scríobh sé altanna do nuachtáin Ghaeilge agus fuair sé taithí chraoltóireachta ar stáisiún bradach.  

Is san ardchathair a d’fhás agus d’fhorbair Rónán, chás sé le daoine óga eile leis an mheon agus an dearcadh céanna acu i dtaca le hathghabháil thodhchaí na Gaeilge ó na húdaráis, nárbh fhéidir brath orthu.

Chuir an tír ar fad aithne air sa tsraith iontach ‘Scaoil Amach an Bobailín’ – Rónán ar an scáileán náisiúnta in éineacht le SBB, agus é lán de spórt is spraoi ag cur fuinneamh agus beocht faoin teanga agus ag cruthú íomha nua don chultúr.

Is é an Club ar 6 Sráid Fhearchair a bhí mar cheanncheathrú ag na Gaeil óga a mheall Rónán chuige. Is ansin oíche amháin tar éis an cheoil agus na ragaireachta a bhunaigh Rónán agus a chairde ‘An Ciorcal Cracailte’, agus an aidhm a bhí acu ná ‘sult agus pléisiúr a bhaint as an tsaol úr Gaelach.’ Tugadh cuireadh do Ghaeil óga bheo bhríomhara a bheith páirteach sa ghluaiseacht spleodrach seo. ‘An bhfuil tusa craiceáilte go leor don chiorcal?’ a chuir sé ar na póstaeir. Agus d’fhreagair go leor an glaoch, oícheanta sóisialta sa Chlub ar dtús báire ach an ghlóirmhian rud éigin mór a dhéanamh a tharraingeodh aird agus a spreagfadh daoine le bheith páirteach.

Féile Chraicáilte a bhí de dhíth agus sin a rud a eagraíodh i Ráth Cairn in earrach ’93. Deireadh seachtaine de cheoil agus spraoi trí Ghaeilge do dhaoine óga. Agus tháinig siad ina sluaite ó chian agus cóngar le éisteacht le grúpaí spleodracha mar Kíla agus Bréag agus Hyperborea agus taispeántas anghrách leis na Chippengaels agus go leor eile. Agus bhí an tArdrí é féin ina lár mar fhear an tí – ‘ól ceol agus ragairne’, mar a deireadh sé féin.

Rinneadh féilte eile a eagrú sna blianta ina dhiaidh sin, ar ais go Ráth Cairn, siar chuig an Spidéal, go Béal Feirste, Gaoth Dobhair agus isteach go hOileán Thoraí.

D’fhill Rónán ‘na bhaile ansin agus post mar clár reachtaire ar Radio na Gaeltachta sna Doirí Beaga, bhíodh sé ag leamh na nuachta agus ag léiriú ach is leis an chlár ‘Ar Chúl an Tí’ is mó a thuill sé clú. É féin agus Hughie ‘McGroovey’, buachaillí dána RnaG agus ansin le Rónán Beo ar feadh na mblianta, thug sé i gcónaí ardán do dhaoine a mheas sé a raibh cos ar bolg á déanamh orthu, muintir Thoraí,  pobal Ros Dumhach, bhí dámh aige le Cúba agus le Tír na mBascach: sheinn sé a gcuid ceoil agus chuir a gcás os comhair an phobail. ‘Goitsigí  caballeros’, beidh craic againn.  

Chuir sé tús leis an ‘Caberet Craicailte Tigh Hiúdaí Bhig, a cheanncheathrú nua. A leithéid d’oícheanta, ní fhaca an Ghaeltcht ariamh . Bhíodh gach cineál ceoil agus geáitsíochta le feiceáil ar an ardán, gan aon fhocal Béarla le cluinstin. ‘Dorn san aer do na Gaeil’ an mana nua.

I dtráth an ama cheánna thabharfadh cuireadh do an cláir raidió a craoladh beo ag Oireachtas na Gaeilge, agus rinne sé sin go fonnmhar bliain i ndiadh bliana ón fháiltiú in cibé óstán a bhí ag óstáil na féile. Rónán beo ar an aer ag cur fáilte chroíúil roimh na Gaeil ar fad a bhí tagtha don deireadh seachtaine. ‘Goitsigí , can amhrán nó seinn port’,  taispeánfaidh muid don saol mór go bhfuil muidne na Gaeil beo beithíoch.

Sin, thar aon ní eile, misean saoil Rónáin Mhic Aodha Bhuí. Bhí sé fadradharcach, ceannródaíoch, spreagúil, fuinniúil, lán de ghrinn agus de dhiabhlaíocht, ach cara dílis i gcónaí.

Tá mé cinnte go luífidh na foide go héadrom ar a chorp uasal Gaelach i Machaire Gathlán, mar go ndearna sé a chuid féin agus tuilleadh ar mhaithe le spiorad na nGael a thógail. Is againne atá sé anois an spiorad sin a choinneáil beo. 

Níos mó