Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
pacaiste-seolta-ag-cogg-a-leirionn-na-‘deiseanna’-agus-‘bearnai’-sa-solathar-gaeilge-ag-an-triu-leibheal

Pacáiste seolta ag COGG a léiríonn na ‘deiseanna’ agus ‘bearnaí’ sa soláthar Gaeilge ag an tríú leibhéal

Tá pacáiste nua eolais faoi ghairmeacha le Gaeilge seolta ag COGG a léiríonn na deiseanna atá ann ó thaobh na Gaeilge chomh maith leis na “bearnaí” i dtaobh na gcúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil sa teanga.

Is é Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, a sheol an pacáiste ‘Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge’ atá dírithe ar dhaltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Dúirt Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile COGG, Aoife Ní Shéaghdha, go léiríonn an bpacáiste nua, a seoladh ag aonach gairmeacha Options West in óstán an Galway Bay ar maidin, go bhfuil “réimse leathan” gairmeacha le Gaeilge ann ach gur léir ón liosta chomh maith na “bearnaí” atá sa soláthar Gaeilge ag an tríú leibhéal.

“Ní gá go bhfuil suim agat sa mhúinteoireacht, cé go bhfuil sé go hiontach má tá, ach tá réimse leathan gairmeacha ann anois agus tá an Ghaeilge mar bhuntáiste dóibh go léir.

“Ceann dos na buntáistí a bhaineann le pacáiste mar seo a chur ar fáil ná liostálann sé amach na cúrsaí ar fad atá ar fáil trí Ghaeilge.”

“Is buntáiste iontach é sin go gcíonn tú na cúrsaí atá ar fáil agus ag an am céanna, cíonn tú na bearnaí agus is léir go bhfuil cúrsaí áirithe nach bhfuil againn trí Ghaeilge faoi láthair agus is mó duine óg a tháinig chugainn san RDS an tseachtain seo caite agus anseo ag OptionsWest ar maidin ag rá linn go raibh suim acu san innealtóireacht nó san eolaíocht nó i ngnéithe mar sin.

“Agus daoine breátha Gaeltachta le Gaeilge líofa is ea iad agus rachaidh siad sin ar aghaidh chun a gcúrsaí a dhéanamh trí Bhéarla toisc nach bhfuil siad ann,” a dúirt sí.

Tá ráite ag Teachtaí Dálaí áirithe gur gá cúrsaí nua tríú leibhéal a bhunú láithreach bonn chun go mbeifear in ann sprioc an Stáit cur le líon na nGaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí a bhaint amach.

Tá éileamh déanta ag Conradh na Gaeilge go dtiocfadh a chúig oiread de mhéadú ar líon na mac léinn atá ag staidéar trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal.

De réir taighde a rinne an Conradh, thart ar 1% de mhic léinn a dhéanann cúrsa tríú leibhéal nó cuid de chúrsa tríú leibhéal trí Ghaeilge agus táthar ag iarraidh go n-ardófaí sin go 5%.
Tá súil ag COGG go dtarraingeoidh an pacáiste nua eolais tuilleadh airde ar na cúrsaí atá ar fáil i nGaeilge agus iad den tuairim go bhfuil “gá” le breis fógraíochta i leith na gcúrsaí Gaeilge atá ann.

“Maidir leis na cúrsaí atá ann trí Ghaoluinn, is dócha go bhfuil gá le breis fógraíochta dóibh sin agus breis margaíochta agus sin ceann de na cúiseanna go bhfuilimid go léir anseo inniu.

“Má tá céatadán íseal scoláirí ag gabháil do chúrsaí ollscoile trí Ghaeilge, b’fhéidir go bhfuil an locht orainn féin nach bhfuilimid ag déanamh breis margaíochta agus poiblíochta orthu,” a dúirt sí.

Chuir Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “fáilte chroíúil” roimh phacáiste eolais COGG, agus dúirt sé go raibh gá a chinntiú go raibh dóthain cúrsaí ann le freastal ar dhaltaí i nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.

“Feicimse, cé go bhfuil fás agus forbairt ann, gur rud é seo gur fiú dúinn a bheith ag féachaint air i gcónaí agus a bheith ag cinntiú go bhfuil an soláthar ag teacht leis an éileamh i gcónaí.”

Dúirt sé go raibh sé “ríthábhachtach” nach mbeadh an Ghaeilge “ina bac ar dhaoine” atá ag iarraidh céim a dhéanamh ina dteanga féin. Dúirt sé freisin go raibh sé tábhachtach go mbeadh roghanna eile oideachais, ar nós printíseachtaí ar fáil do dhaoine.

“Fás na bprintíseachtaí, tá sin ag treisiú anois i gcónaí agus tá géarghá lena leithéid. Cuir i gcás, sé an rud a bhíodh ann go minic go raibh sé sin dírithe ar cheird a bhain leis na fir. Céard iad na ceirdeanna eile agus conas níos mó mná óga a mhealladh?”

“Tá géarghá le féachaint ar an réimse cúrsaí ag na leibhéalacha éagsúla agus anuas air sin, an soláthar ina bhfuil an Ghaeilge ann.

“Cuir i gcás, táimid tar éis a bheith ag caint ar na printíseachtaí agus cúrsaí céime, mar chéad chéim, ach céard faoi na cúrsaí iarchéime agus an bhfuil deis a bheith ag obair leo siúd?” a dúirt Tomás Ó Síocháin.

Níos mó