Tá €2.18 milliún curtha ar fáil chun an scéim Gaelbhratach “a neartú agus a leathnú” i scoileanna an stáit.
Dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin agus an tAire Stáit Patrick O’Donovan go gcabhródh an t-airgead leis an scéim Gaelbhratach an Ghaeilge a chur chun cinn “ar bhealach struchtúrtha, pleanáilte agus taitneamhach i mbunscoileanna agus i meánscoileanna”.
Cuireadh tús le Gaelbhratach, a bhíonn á riaradh ag Gael Linn, in 2012 agus bíonn an scéim á reáchtáil i scoileanna Béarla agus i scoileanna lán-Ghaeilge.
133 bunscoil agus 126 iar-bhunscoil a bhíonn páirteach sa scéim faoi láthair.
Dúirt an tAire Catherine Martin go raibh “ríméad” uirthi faoin maoiniú.
“Leis an tacaíocht bhreise seo ó mo Roinn beidh os cionn 400 scoil tar éis páirt a ghlacadh sa scéim faoi 2026/2027.
“Bíonn tionchar suntasach ag an scéim seo ar nósanna teanga na ndaltaí a ghlacann páirt ann agus tuigtear dom go bhfuil go leor iardhaltaí a ghlac páirt sa scéim ina mbaill ghníomhacha de na cumainn Ghaelacha i gcoláistí tríú leibhéal anois. Is cúis mhór bhróid agus dóchais é sin ó thaobh forbairt na teanga de agus tá mé ag súil le tionchar an airgid bhreise atá ceadaithe anois a fheiceáil sna blianta amach romhainn.”
Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan, go mbeadh “tionchar thar na bearta” ag an maoiniú ar obair Gael Linn timpeall na tíre.
“Tá foireann Gaelbhratach ag tabhairt tacaíocht thar a bheith tábhachtach agus éifeachtach do scoileanna ar fud na hÉireann ó thaobh na Gaeilge de. Is iontach an rud é go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn mar ghnáth-theanga labhartha i measc daoine óga i ngach saghas scoile agus i ngach cearn den tír.”