Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
leabhair-saor-in-aisce-do-dhaltai-iarbhunscoile,-arduithe-i-liuntais-leasa-soisialta-agus-laghduithe-canach-–-buisead-2024

Leabhair saor in aisce do dhaltaí iarbhunscoile, arduithe i liúntais leasa sóisialta agus laghduithe cánach – Buiséad 2024

| Tuairisc.ie | ,

Leabhair saor in aisce do dhaltaí iarbhunscoile, arduithe sna liúntais leasa sóisialta, laghduithe cánach agus scéim faoiseamh cánach ar ús morgáiste – sin cuid de na beartais a bhfuiltear ag súil leo ach a bhfógrófar Buiséad 2024 inniu.

Ar na beartais eile atá á lua tá íocaíocht sochar linbh dúbailte roimh an Nollaig, laghdú eile ar chostas cúram leanaí agus béilí te do gach bunscoil sa stát.

Meastar gur pacáiste €10 billiún, idir chaiteachas breise agus laghduithe cánach, a bheidh á fhógairt inniu, cé go gcuirfidh beartais aon uaire le cabhrú le daoine dul i ngleic leis an ngéarchéim costas maireachtála breis airgid leis an bpacáiste sin.

Meastar gur athruithe cánach €1.1 billiún a bheidh i gceist. D’fhéadfadh go n-ardófaí an leibhéal pá ag a dtosaítear ag íoc an ráta cáin ioncaim is airde, 40%, ó €40,000 go dtí €41,000 nó €42,000.

Tuairiscítear chomh maith go laghdófar ó 4.5% go dtí 4% an Muirear Sóisialta Uilíoch a bhíonn le híoc ar aon ioncam idir €22,920-€70,044.

Meastar go n-ardófar láithreach an cháin charbóin ar pheitreal agus díosal ó €48.50 go dtí €56 in aghaidh an tonna agus go n-ardófar an cháin ar bhreosla tí i dtús an tsamhraidh seo chugainn.

Ar na beartais ar mhaithe le cabhrú le teaghlaigh atá ag sracadh de dheasca na géarchéime costas maireachtála, tá tacaíocht bhreise le cuidiú le billí fuinnimh arda a íoc.

Trí creidmheas fuinnimh €200 a fógraíodh i mbuiséad na bliana seo caite ach d’fhéadfadh gur dhá íocaíocht €150 nó trí íocaíocht €100 a bheadh i gceist i mbliana.

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil plé déanta ar chnapshuim do theaghlaigh atá ag fáil liúntas breosla nó íocaíocht fhorlíontach do theaghlaigh atá i bhfostaíocht.

Táthar ag caint ar laghdú beagnach 25% a dhéanamh ar chostas cúram leanaí agus ar scéimeanna eile a leathnú amhail an Scéim um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige agus an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí.

D’fhéadfadh go mbeadh ardú €300 i gceist ar dheontais tríú leibhéal, ardú a mbainfeadh 50,000 mac léinn buntáiste as.

Beidh mic léinn áirithe i dteideal deontas nach mór €4,000 sa bhliain ón Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI). Beidh mic léinn ó theaghlaigh a bhfuil ioncam íseal acu i dteideal os cionn €7,000 sa bhliain. Beidh mic léinn iarchéime i dteideal deontas suas go dtí €2,300.

Tuairiscítear go ndéanfar íocaíocht dhúbailte i mí Eanáir le gach duine a fhaigheann íocaíocht leasa shóisialaigh. Íocfar ‘bónas’ na Nollag chomh maith.

Meastar go mbeidh an t-ardú céanna i gceist do phinsinéirí, cúramóirí, daoine a fhaigheann liúntas cuardaitheora poist agus gach duine eile a fhaigheann íocaíochtaí leasa sóisialta. Thart ar €12 sa tseachtain an t-ardú a mheastar a bheidh I gceist.

Déanfar íocaíocht dhúbailte cúram leanaí roimh dheireadh na bliana.

D’fhéadfadh go dtabharfaí isteach chomh maith sochair phá-choibhneasa do dhaoine a chailleann a bpoist. D’fhéadfadh go n-íocfaí leis na daoine sin 60% den teacht isteach seachtainiúil a bhíodh acu, suas go dtí €450 sa tseachtain, ar feadh sé mhí.

Bhí plé ar siúl chomh maith faoi fhaoiseamh cánach ar ús morgáiste a bhainfeadh €1,250 de bhille morgáiste úinéirí tí.

D’fhéadfadh chomh maith go n-ardófaí an faoiseamh cánach ar chíos ó €500 go dtí €800.

Tabharfar faoiseamh cánach chomh maith do thiarnaí talún a thabharfaidh daingne tionachta don chíosaí ar feadh roinnt blianta nó a thabharfaidh barántas go bhfágfaidh siad an teach ar mhargadh na gcíosanna ar feadh 2-3 bliain.

Táthar ag súil chomh maith le fógra faoi mhaoiniú chun na céadta garda agus múinteoir breise a earcú.

D’fhéadfadh go n-ardófaí liúntas traenála na nGardaí ó €184 go dtí €305 sa tseachtain.

Ar na beartais eile a bhí á phlé, bhí laghdú 20% ar tháillí taistil ar iompar poiblí go dtí deireadh 2024.

Tuairiscítear go bhfógróidh an tAire Airgeadais Michael McGrath na sonraí i dtaca le ciste infheistíochta nua d’aon teacht isteach breise ó cháin chorparáide.

Ráineodh go mbeadh €14 billiún sa chiste sin.

Is é an plean go n-íocfaí as tograí caipitil ón bhfarasbarr seo sa chás go mbeadh moilliú ar an ngeilleagar. Rachaidh cuid eile den fharasbarr i gciste infheistíochta fadtéarmach a mbainfí leas as chun billí a íoc amach anseo. Bhainfí leas as an gciste chomh maith chun íoc as tograí ar mhaithe le gníomhú ar son na haeráide.

Níos mó