![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2023%2F10%2F5.-IMRAM-Sq-assets_0007_winter.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=96f14fa7)
GEIMHREADH ANAMA – The Winterreise Project
GEIMHREADH ANAMA – The Winterreise Project
@ Smock Alley
Arts and EntertainmentIs é seo an chéad uair a aistríodh an tsraith cháiliúil seo d'amhráin ealaíne – Winterreise le Franz Schubert go Gaeilge.
Sa tionscadal nuálach seo tá cóiriú déanta ar cheann de shaothar mór lieder na Gearmáinise, é athchruthaithe d'amhránaí agus grúpa beag ceoltóirí uirlise, ní sa stíl Kunstlieder ach níos gaire do cheol na hÉireann. Agus cuma thraidisiúnta orthu (seachas an tionlacan pianó normatach a shamhlaítear leis an bparlús), agus iad i nGaeilge, beifear in ann éisteacht leis an stór cáiliúil amhrán seo ar bhealach tochtmhar nach mbraithimid de ghnáth.
Leis an amhránaí Caitríona O'Leary agus na ceoltóirí Alex Roth, Derek Whyte agus Dylan Lynch. Íomhánna ar an scáileán le Margaret Lonergan.