Tá príomhfheidhmeannach S4C imithe ar shaoire struis agus tá ard-oifigeach eile briste as a post agus an cainéal Breatnaise i lár conspóide.
Fógraíodh go raibh sos ón obair glactha ag Sian Doyle, príomhfheidhmeannach S4C, mar gheall ar strus. Rinneadh an fógra go luath i ndiaidh do Phríomhoifigeach Ábhair an chraoltóra bata agus bóthar a fháil as íde béil a thabhairt don iar-imreoir rugbaí Mike Phillips, a bhíonn ag obair do S4C.
Tuairiscíodh an tseachtain seo caite gur thug Llinos Griffin-Williams íde béil do Phillips ag ócáid shóisialta i Naoned agus an bheirt sa Fhrainc le linn Chorn Rugbaí an Domhain.
Tá Phillips, fear a d’imir i 94 cluiche don Bhreatain Bheag agus a bhí ina chaptaen ar an bhfoireann, mar chuid d’fhoireann tráchtaireachta S4C ag corn an domhain.
Thuairiscigh clár nuachta S4C féin, Newyddion, gur tharla an eachtra idir Griffin-Williams agus Phillips ag teach tábhairne i Naoned i ndiaidh an chluiche idir an Bhreatain Bheag agus an tSeoirsia. Tuairiscíodh gur dhúirt Griffin-Williams le Phillips nach raibh a chuid Breatnaise sách maith agus go bhféadfadh sí deireadh a chur lena chuid oibre leis an stáisiún.
Tuairiscíodh gur thug sí íde béil i dteach tábhairne eile an oíche chéanna d’oibrithe ó chomhlacht léiriúcháin a bhí ag obair do S4C ag Corn Rugbaí an Domhain.
Níor dúradh ar dtús ach go raibh Griffin-Williams tar éis S4C a fhágáil ach dheimhnigh an craoltóir Dé hAoine gur briseadh as a post í mar gheall ar líomhaintí faoi “mhí-iompar tromchúiseach” a bheith curtha ina leith.
Tuairiscíodh ó shin go raibh sos tógtha ag príomhfheidhmeannach S4C óna post de bharr cúrsaí struis. Bhí Doyle i láthair le baill foirne eile ó S4C ag an ócáid shóisialta ag ar thug Griffin-Williams íde béil do Mike Phillips.
Tá fiosrúchán ar bun ag comhlacht neamhspleách i láthair na huaire maidir le líomhaintí faoi bhulaíocht agus cultúr nimhneach in S4C. Gearán ó cheardchumann de chuid oibrithe S4C níos luaithe i mbliana a spreag an fiosrúchán.