Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
an-ghaeilge-a-husaid-i-bhfeachtas-oifigiuil-ar-son-stadas-eorpach-don-chataloinis

An Ghaeilge á húsáid i bhfeachtas oifigiúil ar son stádas Eorpach don Chatalóinis

“Ar smaoinigh tú riamh ar cé chomh hálainn is atá ár dteanga?”

Sin mar a thosaíonn físeán nua Gaeilge atá á scaipeadh ag Rialtas na Catalóine ina n-iarrann siad ar dhaoine a labhraíonn teangacha eile san Eoraip tacú lena bhfeachtas ar son stádas oifigiúil san Aontas Eorpach don Chatalóinis.

Tá borradh faoi na hiarrachtaí atá ar bun chun aitheantas oifigiúil a bhaint amach don Chatalóinis san Aontas Eorpach ón uair a d’éirigh le páirtithe polaitiúla Catalónacha an cheist a chur i lár an aonaigh sna cainteanna idir iad féin agus an Páirtí Sóisialach i Maidrid i dtaca le rialtas nua a bhunú sa Spáinn, cainteanna atá fós ar siúl.

Tá tacaíocht na gCatalónach de dhíth ar na Sóisialaigh le fanacht i gcumhacht agus, mar chuid den idirbheartaíocht, d’aontaigh rialtas na Spáinne stádas oifigiúil don Chatalóinis, don Bhascais agus don Ghailísis a iarraidh ar an Aontas Eorpach i mí Lúnasa.

Ó shin i leith tá Rialtas na Catalóine agus eagraíochtaí teanga sa tír ag obair chun tacaíocht a mhealladh ó Bhallstáit eile an Aontais, ar fúthu a bheidh sé cinneadh a dhéanamh i leith an stádais do na trí theanga.

Phléigh coiste de chuid na Comhairle Eorpaí an cheist mí ó shin agus déanfar é a phlé arís sa Bhruiséil amárach, Dé Máirt an 24 Deireadh Fómhair.

Agus í ag seoladh an fheachtais nua, dúirt Aire na Catalóine um Bearta Eachtracha, Meritxell Serret, nach dócha go dtabharfar dearbhú críochnúil ag cruinniú an lae amárach ach go bhfuil an próiseas ag dul chun tosaigh agus go bhfuil an rialtas dóchasach dá bharr.

“Ón Chatalóin tugann muid an feachtas seo duit ionas gur féidir leat do theanga féin a chur chun cinn,” sin cuid den teachtaireacht atá scríofa san fhíseán a seoladh Dé hAoine agus ina n-úsáidtear cur chuige uathúil chun bá don éagsúlacht teangacha, agus don Chatalóinis dá réir, a chothú i measc mhuintir uile na hEorpa.

“Má tá grá agat do theangacha eile freisin, cabhraigh linn teanga oifigiúil Eorpach a dhéanamh den Chatalóinis. Más é go bhfuil gach teanga eisceachtúil, ná bíodh aon eisceacht againn san Eoraip.”

Tá an físeán le fáil sa Chatalóinis agus sna 24 theanga oifigiúla den Aontas Eorpach, agus tá póstaeir sna teangacha éagsúla foilsithe chomh maith.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin fheachtas ar https://europaencatala.eu

The post An Ghaeilge á húsáid i bhfeachtas oifigiúil ar son stádas Eorpach don Chatalóinis appeared first on NÓS.

Níos mó