Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-rialtas-le-sineadh-a-chur-le-conradh-do-eircode-in-ainneoin-eilimh-choiste-gaeilge-an-oireachtais

An Rialtas le síneadh a chur le conradh do Eircode in ainneoin éilimh Choiste Gaeilge an Oireachtais

| Padraic O Ciardha | ,

Níl sé i gceist ag an Rialtas aon athrú a dhéanamh ar chonradh nua leis an gcomhlacht príobháideach a chuireann Eircode ar fáil, in ainneoin an dlí maidir le logainmneacha Gaeilge a bheith á shárú ag an gcóras.

Tá deireadh le teacht leis an gconradh idir an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an comhlacht Capita Business Support Services Ireland ag deireadh na bliana agus tá iarrtha ag coiste Oireachtais ar an Rialtas gan conradh nua a aontú go dtí go ndéanfar cinnte de go réiteofar na fadhbanna atá ann le logainmneacha Gaeltachta sa chóras Eircode.

Tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag iarraidh bualadh freisin leis an Aire Stáit Jack Chambers an mhí seo chugainn chun an tuarascáil atá foilsithe ag an gcoiste ar an ábhar a phlé.

Tá ráite ag an Roinn Cumarsáide le Tuairisc, áfach, go bhfuil fógra tugtha do Capita go bhfuil síneadh trí bliana le cur leis an gconradh agus go bhfuil glactha ag an gcomhlacht leis sin.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne go rabhthas ag súil le dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara maidir le cás na Gaeilge sa chóras, Coiste na Gaeilge agus an Coimisinéir Teanga san áireamh.

Níor dúradh faic, áfach, faoin dlí a bheith á shárú, faoi na moltaí atá déanta sa tuarascáil nua ná faoin éileamh atá déanta ag an gcoiste go dtiocfadh an tAire Stáit os a chomhair chun an tuarascáil agus na moltaí a phlé.

Ó seoladh an córas Eircode in 2015 tá fadhb ann maidir le húsáid leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta. Chuir an Coimisinéir Teanga tuarascáil faoin sárú dlí a bhí i gceist faoi bhráid Thithe an Oireachtais in 2021, ach níl aon réiteach faighte ar an scéal ó shin.

Ina thuarascáil, molann Coiste na Gaeilge go gcuirfí “stad láithreach” leis an úsáid atá á baint as leaganacha Béarla “neamhoifigiúla” de logainmneacha Gaeltachta agus go gcinnteodh na dreamanna atá freagrach as seirbhís Eircode, An Post, an fochomhlacht An Post Geodirectory agus Capita, go bhfuil siad ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil maidir le logainmneacha Gaeltachta.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide le Tuairisc go raibh foilsiú na tuarascála tugtha “dá haire” ag an Roinn.

Maidir leis an síneadh atá le cur leis an gconradh le Capita, dúradh:

“Scríobh an Roinn chuig Capita ní ba luaithe i mbliana chun fógra a thabhairt dó i dtaobh an fhadaithe agus fuair sí comhfhreagras ón uair sin i leith ag deimhniú gur glacadh leis an gcinneadh sin. Mairfidh an fadú sin go dtí mí na Nollag 2026.

“Tá an Roinn ag súil le dul i mbun comhair leis na geallsealbhóirí uile ar an tsaincheist seo, lena n-áirítear Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus an Coimisinéir Teanga, chun an tseirbhís is fearr is féidir a sholáthar dár n-úsáideoirí uile, lena n-áirítear iad sin ar mian leo dul i dteagmháil le Eircode trí Ghaeilge.”

Sa tuarascáil, deir Coiste na Gaeilge, chomh fada agus is eol dóibhsean nach bhfuil ‘aon rud’ sínithe go fóill i gcás an chonartha. Tá iarrtha acu ar an Rialtas nach gcuirfí nach gcuirfí síneadh leis an gconradh go dtí go mbeidh deis ag an Aire Stáit Chambers teacht os comhair an choiste chun an tuarascáil agus na moltaí atá inti a phlé.

Deirtear sa tuarascáil gur oth leis an gcoiste a rá go bhfuil an chuma ar an scéal nach nglacann An Post, An Post GeoDirectory ná Eircode/Capita leis go bhfuil dualgas orthu géilleadh don reachtaíocht maidir le logainmneacha Gaeltachta agus an tseirbhís phoiblí Eircode á cur ar fáil acu don phobal thar ceann an Stáit.

Deir an coiste go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil An Post agus An Post Geodirectory den tuairim go bhfuil “díolúine ón reachtaíocht ábhartha” acu, agus go bhfuil cead acu dá réir “neamhaird” a dhéanamh uirthi agus leaganacha neamhoifigiúla de logainmneacha Gaeltachta a sholáthar do Eircode/Capita.

Deir an coiste go bhfuil dualgas dlíthiúil freisin ar Eircode/Capita a chinntiú go gcloíonn na sonraí a úsáideann sé féin leis an reachtaíocht chuí sula gcuireann sé ar fáil don phobal iad, fiú más ó An Post agus An Post Geodirectory a fhaigheann sé na sonraí.

Tá an coiste ag iarraidh go gcruthófaí suíomh idirlín nua don chóras Eircode a bheidh go hiomlán dátheangach agus go mbronnfar an t-ainm Gaeilge ‘Éirchód’, amháin air, seachas Eircode, nó an t-ainm dátheangach Éirchód/Eircode.

Táthar ag moladh freisin go gcinnteodh an Rialtas go mbeidh an rogha ag daoine agus eagraíochtaí laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht a gcuid seoltaí pearsanta a bheith á n-úsáid i nGaeilge amháin, agus má dhéanann siad an rogha sin, go ndéanfar cinnte de nach mbeidh an leagan Béarla dá gcuid seoltaí ar fáil ar shuíomh idirlín Éirchóid níos mó.

Níos mó