Comóradh Céad Bliain Duais Nobel Yeats
Comóradh Céad Bliain Duais Nobel Yeats
@ An Lárleabharlann
Lecture / Talk Arts and EntertainmentAn Lárleabharlann, Lárionad ILAC, Baile Átha Cliath 1.
Mar chuid den chomóradh 100 bliain ó bronnadh an Duais Nobel an Litríochta ar WB Yeats, cloisfimid saothar an fhile sa bhunleagan agus aistrithe go Gaeilge chomh maith.
Bí linn don lón filíochta speisialta seo chun cluas a thabhairt don aisteoir Donncha Crowley agus don amhránaí Enda Reilly agus saothar Yeats á thabhairt chun beatha acu.
Saor in aisce agus fáilte roimh chách.
Eolas áirithint: Ní mór áirithint a dhéanamh roimh ré. Déan teagmháil leis an leabharlann T. 01 222 8300 E. centrallibrary@dublincity.ie chun áit a chur in áirithe.